An difríocht idir athruithe ar: "An tSualainnis"

Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: chr:ᎤᎦᎾᏍᏔ ᎦᏬᏂᎯᏍᏗ; cosmetic changes
Líne 4:
|cainteoirí=9.3 miliúin
|rang=89
||líne_ghinealaigh=[[Líne ghinealaigh Ind-Eorpach|Ind-Eorpais]]<br />
&nbsp;[[Teangacha Gearmáinice|Gearmáinic]]<br />
&nbsp;&nbsp;Gearmáinic Thuaidh<br />
&nbsp;&nbsp;&nbsp;Críoch Lochlann Thoir<br />
&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;'''Sualainnis'''<br />
|teanga_oifigiúil_ginideach=[[An tSualainn|na Sualainne]], [[An Fhionlainn|na Fionlainne]] (in éineacht leis an bh[[Fionlainnis]]), [[An Álainn|na hÁlainne]], [[An tAontas Eorpach|an Aontais Eorpaigh]] (in éineacht leis na [[Teangacha oifigiúla an AE|teangacha oifigiúla]] eile).
|rialtóir=[[Comhairle na Sualainnise]] <BRbr />(leath-ghairmiúil), chomh maith le Roinn na Sualainnise i [[Lárionad Taighde na dTeangacha Dúchasacha (An Fhionlainn)|Lárionad Taighde na dTeangacha Dúchasacha]] san Fhionlainn.
|iso1=sv|iso2=swe|iso3=swe
 
}}
[[ImageÍomhá:Svenska spåkets utbredning.PNG|thumb|right|250px|Na críocha ina labhraítear Sualainnis. Tabhair faoi deara gur leis an gcósta is mó a shamhlaítear an teanga san Fhionlainn.]]
 
Ceann de na [[teangacha Lochlannacha]], nó na [[teangacha Gearmáinice]] Thuaidh, is ea í an t'''Sualainnis''' (''svenska'', ''svenska språket'', mar a deir lucht labhartha na teanga féin). Labhraíonn timpeall naoi milliún duine an teanga sa [[An tSualainn|tSualainn]] agus ar fud chóstaí na [[An Fhionlainn|Fionlainne]]. An duine a bhfuil an tSualainnis go paiteanta aige, is féidir leis adhmad maith a dhéanamh den chaint [[Ioruais|Ioruaise]]e, ach cuireann fuaimniú aisteach na [[Danmhairgis|Danmhairgise]]e go mór isteach air an teanga labhartha a thuiscint, cé go bhfuil an Danmhairgis scríofa soiléir go leor aige. Tugtar ''rikssvenska'', nó "Sualainnis na Ríochta", ar an teanga chaighdeánaithe a úsáidtear sna meáin chumarsáide, agus í bunaithe ar na canúintí a labhraítear timpeall [[Stócólm]] agus sa ghleann timpeall an locha [[Mälaren]]. Mar sin féin, níl sé as an ngnáth canúintí tuaithe a chloisteáil ar an raidió ó am go ham.
 
Cé go n-imríonn na canúintí áitiúla a dtionchar féin ar an tSualainnis labhartha in áiteanna éagsúla sa tír, ní bhíonn na difríochtaí mór, a fhad agus atá an teanga scríofa nó an chaint ghalánta i gceist. In áiteanna iargúlta, áfach, is féidir teacht ar chanúintí atá sách doiligh le tuiscint ag an muintir isteach, agus iad difriúil leis an teanga chaighdeánach ó thaobh an fhoclóra, na gramadaí agus na bhfuaimeanna de. I rith na fichiú haoise, áfach, chúngaigh an t-uirbeachas agus bánú na tuaithe go mór mór ar na canúintí seo, agus an teanga ag éirí níos aonchineálaí in aghaidh an lae de réir mar atá na cathracha ag sú chucu daoine ón tuaith.
 
== Aicmiú agus gaolta na Sualainnise ==
 
Ceann de na [[teangacha Ind-Eorpacha]] is ea í an tSualainnis, agus baint aici leis an gcraobh thuaisceartach de na [[teangacha Gearmáinice]]. Is é sin, ceann de na [[teangacha Lochlannacha]] atá ann. Is iad na teangacha eile sa ghrúpa seo ná an [[Ioruais]], an [[Danmhairgis]], an [[Íoslainnis]], agus an [[Faróis|Fharóis]]. Is féidir, áfach, foghrúpa Iartharach agus foghrúpa Oirthearach a aithint thar a chéile sa ghrúpa seo féin. Is iad an Danmhairgis agus an tSualainnis a bhaineann leis an bhfoghrúpa Oirthearach, ansin. Níl an cineál seo aicmiú ach stairiúil, áfach. De réir na hintuigtheachta, tá sé níos fearr an teorainn a tharraingt idir na teangacha Lochlannacha oileánda (an Fharóis agus an Íoslainnis) ó thaobh amháin, agus teanga Lochlannacha na Mór-Roinne (an Danmhairgis, an Ioruais agus an tSualainnis) ón taobh eile.
Líne 26:
De réir na hintuigtheachta, bheadh sé chomh maith againn a rá gur canúintí aon teanga iad an trí theanga Lochlannacha a labhraítear i Mór-Roinn na h[[An Eoraip|Eorpa]]. Bhí sraith fhada cogaí idir na tíortha éagsúla seo, go háirithe sa séú agus sa seachtú haois déag idir an tSualainn agus an Danmhairg. Chothaigh na himeachtaí seo comhnaimhdeas agus náisiúnachas a spreag na tíortha chun béim ar leith a chur ar na difríochtaí idir na teangacha féin, díreach nuair a bhí siad á gcaighdeánú. Inniu féin, áfach, níl sé as cosán a rá gur canúintí aon teanga iad an Ioruais, an Danmhairgis agus an tSualainnis - d'fhéadfaí "Lochlainnis" a thabhairt ar an teanga sin. Níl sé deacair ach an oiread teacht trasna ar áiteanna in aice leis an teorainn ina labhraítear canúint atá idir eatarthu.
 
== Cá labhraítear Sualainnis? ==
 
Is í an tSualainnis teanga náisiúnta na [[An tSualainn|Sualainne]], agus í ó dhúchas ag ocht milliún duine den naoú milliún a bhfuil cónaí orthu sa tír. Is léir nach féidir leis an muintir isteach, ach an oiread, déanamh in uireasa na teanga. San [[An Fhionlainn|Fhionlainn]], tá an teanga ó dhúchas ag 300,000 duine, nó timpeall ar sé faoin gcéad de bhunadh na tíre. Bíonn Sualainnis éigin ag cuid mhaith de na cainteoirí Fionlainnise féin. Ón taobh eile de, is follasach go bhfuil an dátheangachas coitianta i measc na Sualainniseoirí. Cois farraige a bhíonn cónaí ar na Sualainniseoirí san Fhionlainn, go háirithe timpeall ar [[Túrcú|Thúrcú]] agus san [[An Ostrabóitne|Ostrabóitne]]. Ina lán áiteanna, tá an tSualainnis láidir go maith, agus í ina príomhtheanga riaracháin, fiú.
Líne 36:
Bhí an tSualainnis ó dhúchas ag 67,000 duine sna [[Na Stáit Aontaithe|Stáit Aontaithe]] sa bhliain [[2004]]. Thairis sin, tá dhá chéad míle saoránach Sualannach ina gcónaí ar an gcoigríoch, agus an chuid is mó acu ábalta an teanga a labhairt, gan amhras ar bith.
 
== Stair na Sualainnise ==
 
=== An tSean-Lochlainnis ===
 
[[Íomhá:Old norse, ca 900.PNG|right|250px|thumb|Seo fairsinge na Sean-Lochlainnise go luath sa [[10ú haois]].<BRbr />
-Dearg=Sean-Lochlainnis Thiar<BRbr />
-Flannbhuí=Sean-Lochlainnis Thoir<BRbr />
-Uaine=Teangacha Gearmáinice eile a bhí intuigthe ag lucht labhartha na Sean-Lochlainnise san am.]]
Faoin ochtú haois i ndiaidh bhreith Chríost, bhí an teanga [[Gearmáinic|Gearmáinice]]e a labhraítí i dtuaisceart na hEorpa iompaithe ina canúint shainiúil Lochlannach - an t[[Sean-Lochlainnis]]. Na hathruithe a tháinig ar an teanga san am sin, níorbh ionann iad i ngach cúige, agus de réir a chéile, d'fhorbair dhá mhórchanúint Lochlannacha: an tSean-Lochlainnis Thiar agus an tSean-Lochlainnis Thoir.
 
B'í an tSean-Lochlainnis Thoir a chuir bun leis an Danmhairgis agus an tSualainnis. Ba mhinic a thugtar "[[Danmhairgis Rúnach]]" ar an teanga seo sa Danmhairg agus "[[Sualainnis Rúnach]]" sa tSualainn, cé nach raibh mórán difríochtaí inaitheanta eatarthu roimh an dóú haois déag. Is é an [[aibítir Rúnach]] a d'úsáidtí san am sin leis na canúintí seo a scríobh, agus is as an aibítir sin a d'ainmnigh na teangeolaithe iad. An cineál Gearmáinice a bhí á scríobh i gCríoch Lochlann roimh laethanta na Sean-Lochlainnise - an Bhun-Lochlainnis nó an Phróta-Lochlainnis, mar a d'fhéadfá a thabhairt uirthi - is leis an tseanaibítir Rúnach a scríobhtaí í, ach tháinig leagan nua den aibítir in úsáid ina dhiaidh sin, nach raibh ach sé litir déag ann. Mar sin, ní rabhthas in ann freastal go rómhaith ar fhuaimeanna na teanga leis an mbeagán litreach a bhí ann.
Líne 50:
Mar sin féin, is féidir an difríocht is suntasaí idir an chanúint thiar agus an chanúint thoir a aithint ar na hinscríbhinní Rúnacha: d'imigh an défhoghar [ei] (nó [æi]) as an Lochlainnis Thoir, agus rinneadh [e] de, cf. ''stein'' ([[Ioruais]]), ''sten'' (Sualainnis) = "cloch" (tá an focal seo gaolmhar le ''stone'' an [[Béarla|Bhéarla]], ar ndóigh).
 
=== An tSean-Sualainnis ===
 
Sa tríú haois déag, bhí an oiread sin difríochtaí idir an chanúint Dhanmhargach agus caint na Sualainne agus gurbh fhéidir a rá go raibh an t[[Sean-Sualainnis]] ann mar theanga ar leith. Sean-Sualainnis a thugtar ar an gcineál teanga a tháinig ar an bhfód thart faoin mbliain 1225. Is é an chaipéis is tábhachtaí dá bhfuil fágtha againn ón tréimhse seo ná seandlí Chúige [[Västergötland]], nó ''Äldre Västgötalagen''. Tá bloghanna den dlí ann agus iad breactha síos thart faoin mbliain 1250, ach is ón mbliain 1280 a tháinig an chóip iomlán is sine. B'í an Eaglais Chaitliceach agus a cuid mainistreach ba mhó a d'imir tionchar ar an teanga san am seo, nó chuaigh sraith mhaith focal iasachta ón [[Laidin]] agus ón [[Gréigis|nGréigis]] in úsáid sa tSualainnis. Nuair a fuair an [[Conradh Hainseatach]] seilbh ar thrádáil na [[An Mhuir Bhailt|Bailte]], i ndeireadh na tríú haoise déag, thosaigh an [[Gearmáinis|Ghearmáinis]], go háirithe an [[Íseal-Ghearmáinis]], canúint thuaisceart na [[An Ghearmáin|Gearmáine]], ag cur a cuma féin ar an tSualainnis agus ar an Danmhairgis. Is iomaí craiceann a chuir teangacha Lochlannacha na Mór-roinne díobh faoin tionchar seo, agus rinne an Ghearmáinis athchóiriú iomlán ar fhoclóir na Sualainnise. Mar shampla, fuair an tSualainnis córas na réimíreanna briathartha ón nGearmáinis:
Líne 60:
Cé gur sna blianta seo a cuireadh bun leis an tSualainnis nua-aimseartha ó thaobh an fhoclóra de, bhí gramadach na teanga i bhfad ní ba chasta ná inniu. Bhí tuiseal tabhartha agus tuiseal cuspóireach ann mar fhoirmeacha beo. Thairis sin, bhí an trí inscne - an fhirinscne, an bhaininscne agus an neamhinscne - ann. I Sualainnis an lae inniu, is beag atá fágtha den difríocht idir an fhirinscne agus an bhaininscne. Bhí iarmhíreanna pearsanta ag na briathair freisin. Tríd is tríd, bhí córas na gramadaí sa tsean-Sualainnis níos cosúla leis an n[[Gearmáinis]] ná leis an gcineál Sualainnise a labhraítear inniu.
 
=== An Nua-Shualainnis ===
 
B'iad an preas clóchuradóireachta agus an reifirméisean a chuir tús leis an Nua-Shualainnis. B'é an Rí [[Gustaf Vasa]] a choimisiúnaigh an chéad aistriúchán Sualainnise ar an mBíobla. Tháinig an Tiomna Nua i gcló sa bhliain [[1526]], agus foilsíodh an t-aistriúchán iomlán - "Bíobla Ghustaf Vasa" sa bhliain [[1541]]. B'iad [[Laurentius Andræ]], [[Laurentius Petri]] agus [[Olaus Petri]] a d'aistrigh is a chuir in eagar an chuid ba mhó den obair. B'as Lár na Sualainne iad ar fad, agus blas a gcanúna ar an aistriúchán.
Líne 68:
Cé go raibh litriú an Bhíobla réasúnta rialta, mhéadaigh ar an mírialtacht i gcúrsaí an cheartlitrithe arís i rith na séú haoise déag. Níor tosaíodh ag caibidil cheist an cheartlitrithe i ndáiríre roimh an seachtú haois déag, nuair a scríobhadh an chéad leabhar gramadaí don tSualainnis. Bhí an litriú ceart ina ábhar conspóide go dtí an naoú haois déag, agus níor tháinig caighdeán a mbeadh glacadh forleathan leis ar an bhfód roimh dheireadh na haoise céanna. Ní rabhthas ar aon fhocal faoi úsáid an cháis mhóir, ach go háirithe. Bhí sí go mór mór ag brath ar thoighis agus ar bhreithiúnas pearsanta an scríbhneora féin. Bhí an teanga go mór mór faoi thionchar na Gearmáinise, agus an úsáid ar leith a bhaineann an teanga sin as an gcás mór.
 
=== An tSualainnis Chomhaimseartha ===
 
Síltear go coitianta gur tháinig an tSualainnis chomhaimseartha ar an saol thart timpeall na bliana 1900. Nuair a bhí an tionsclaíocht agus an t-uirbeachas ag forbairt sa tSualainn, cuireadh tús le litríocht de chineál nua. Bhain na scórtha móra scríbhneoirí, polaiteoirí, iriseoirí agus pearsantachtaí poiblí eile a gcasadh féin as an teanga, go háirithe [[August Strindberg]], an scríbhneoir a bhunaigh litríocht nua-aimseartha na teanga.
Líne 96:
 
{{Teangacha oifigiúla an AE}}
 
[[Catagóir:An tSualainnis| ]]
 
 
{{Nasc AR|af}}
{{Nasc AR|ca}}
{{Nasc AR|cs}}
 
{{Nasc AR|ca}}
{{Nasc AR|en}}
{{Nasc AR|no}}
Line 126 ⟶ 125:
[[ca:Suec]]
[[ceb:Pinulongang Sweko]]
[[chr:ᎤᎦᎾᏍᏔ ᎦᏬᏂᎯᏍᏗ]]
[[chr:ᏑᏪᏗ]]
[[ckb:زمانی سویدی]]
[[co:Lingua svedese]]