An difríocht idir athruithe ar: "Benjamin Britten"

Content deleted Content added
{{bosca sonraí}}
m róbat ag suimiú: hy:Բենջամեն Բրիտտեն; cosmetic changes
Líne 13:
| síniú =
}}
Cumadóir [[Sasana]]ch ab ea '''Edward Benjamin Britten''', an Barún Britten, OM CH ([[22 Samhain]] [[1913]] – [[4 Nollaig]] [[1976]]). Bhí áit fheiceálach aige i saol [[ceol|cheoil]] an fichiú haois. Bhí clú air chomh maith mar stiúrthóir ceolfhoirne, dhordveidhleadóir agus phianadóir. Chaith sé formhór a shaoil lena chomrádaí Peter Pears, teanór Sasanach. Shíothlaigh sé in Aldeburgh [[Sasana|Shasana]] ar an 2 Iúil 1976.
 
== Tús a Shaoil ==
 
Rugadh Benjamin Britten in Lowestoft, Suffolk. Fiaclóir ba ea a athair agus ceoltóir tréitheach amaitéarach ba ea a mháthair. Ba pháiste seanórtha é Britten: thosaigh sé ag cumadh ceoil go díograiseach agus é fós ina bhuachaill. In Old Buckenham Hall School, scoil ullmhúcháin do bhuachaillí in Suffolk, agus Gresham’s School, in Holt, a fuair sé a chuid meán agus ardscolaíochta. Sa bhliain 1927 thosaigh sé ar cheachtanna príobháideacha faoi Frank Bridge; rinne sé staidéar chomh maith ag [[Coláiste Ríoga an Cheoil]] faoi John Ireland ach gan an oiread sin rátha ar an iarracht. Bhí sé de rún aige staidéar a dhéanamh le hAlban Berg i [[Vín]] ach níor thug a thuismitheoirí cead dó é sin a dhéanamh (mar a mhol foireann an Choláiste dóibh). Mar sin féin, cumadóir óg torthúil ba ea é—800 éigin píosa, idir saothair iomlána agus míreanna, sula raibh a chéad phíosa foilsithe aige. Ba iad na chéad phíosaí a tharraing aird ar Bhritten ná an ''Sinfonietta'' Op. 1, ‘A Hymn to the Virgin’, (1930) agus foireann breachnuithe córúla, ''A Boy Was Born'' (1934, scríofa do Amhránaithe an [[BBC]]).
 
== A Luathshaol Proifisiúnta ==
 
In Aibreán 1935, tháinig an stiúrthóir scannán Alberto Cavalcanti chun cainte le Britten faoi scór a scríobh don scannán faisnéiseach ''The King’s Stamp'', léirithe ag an GPO Film Unit. Tharla [[W. H. Auden]], an scríbhneoir, ag obair don GPO Film Unit ag an am sin freisin agus d’oibrigh Britten agus Auden le chéile ar na scannáin ''Coal Face'' agus ''Night Mail''. Comhoibriú dá gcuid ná an tsraith amhrán ''Our Hunting Fathers'' Op. 8, a bhí radacach maidir leis an bpolaitíocht agus leis an gceol araon. Ní ba thábhachtaí i ndeireadh na dála, casadh an t-amhránaí Peter Pears air sa bhliain 1937. Comhoibrí agus inspioráid dó a bhí in Pears, chomh maith le comrádaí, ar feadh a shaoil. Sa bhliain chéanna chum sé an ceol don ''Pacifist March'' i gcomhar Aontas Gheallta na Síochána (Peace Pledge Union), cumann a raibh sé páirteach ann, ach níor éirigh leis an saothar sin. Sa bhliain 1937, scríobh sé ceann de na saothair ba shuntasaí aige sna 1930idí, ''Variations on a Theme of Frank Bridge'' do [[ceolfhoireann|cheolfhoireann]] théadach.
 
Go luath sa bhliain 1939, lean Britten agus Pears Auden siar go Meiriceá. Ansin, an bhliain ina dhiaidh chum Britten an chéad sraith amhrán den iliomad díobh a scríobh sé do Pears, ''Seven Sonnets of Michelangelo''. Mór leis an gceapadóir [[Aaron Copland]] cheana, chuala Britten a shaothair ba dhéanaí, mar atá ''Billy the Kid'' agus ''An Outdoor Overture'', dhá shaothar a chuaigh i gcion ar a chuid cheoil féin. Scríobh sé a chéad [[cheoldráma|ceoldráma]] i Meiriceá freisin, ''Paul Banyan'', ceolchluiche le leabhróg a scríobh Auden.
 
== Barr a Réime ==
 
D’fhill Britten agus Pears go Sasain sa bhliain 1942 agus chuir an bheirt acu iarratais isteach ar stádas mar dhiúltóirí consiasacha. Séanadh iarratas Bhritten ar dtús ach fuair sé é ar achomharc. Bhí sé gnóthach ar an turas báid fada aniar, ag cur i gcrích an tsaothair chórúil ''Hymn to St. Cecilia'', a chomhshaothar deireanach le hAuden. Bhí tús déanta cheana aige ar a cheoldráma ''Peter Grimes'', bunaithe ar scríbhneoireacht de chuid file as Suffolk darbh ainm George Crabbe. D’éirigh go maith le chéad léiriú an cheoldráma in Sadler’s Wells sa bhliain 1945, an bua ba mhó aige go dtí sin. Mar sin féin, tháinig Britten salach ar dhreamanna ceoil seanbhunaithe áirithe sa tír. De réir a chéile, tharraing sé siar ó chiorcail cheoil Londan agus bhunaigh sé an English Opera Group (1947) agus Féile Aldeburgh (1948), i bpáirt mar dheis chun a shaothar féin a dhéanamh go poiblí.
Líne 37:
Cé gur chuir Britten suas de ridireacht roimhe, ghlac sé tiarnas saoil ar an 2 Iúil 1976 mar Bharún Britten Aldeburgh i gContae Suffolk. Roinnt míonna ina dhiaidh sin theip ar a chroí agus fuair sé bás ina theach in Aldeburgh, "an Teach Dearg". Tá sé curtha sa reilig ag Eaglais Naomh Peadar agus Pól in Aldeburgh. Tá uaigh a chomrádaí, Sir Peter Pears, in aice lena cheann féin.
 
== Naisc Sheachtracha ==
 
*[http://www.musicweb-international.com/britten/index.htm#intro Benjamin Britten (1913–1976)] le Rob Barnett, MusicWeb International
*[http://www.geocities.com/Vienna/Strasse/1523/britworks.htm Liosta fairsing de shaothar Benjamin Britten]
 
* [http://www.musicweb-international.com/britten/index.htm#intro Benjamin Britten (1913–1976)] le Rob Barnett, MusicWeb International
* [http://www.geocities.com/Vienna/Strasse/1523/britworks.htm Liosta fairsing de shaothar Benjamin Britten]
 
[[Catagóir:Cumadóirí Sasanacha]]
Line 65 ⟶ 64:
[[hr:Benjamin Britten]]
[[hu:Benjamin Britten]]
[[hy:Բենջամեն Բրիտտեն]]
[[is:Benjamin Britten]]
[[it:Benjamin Britten]]