An difríocht idir athruithe ar: "Aodh Dubh Ó Néill"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Nia le hEoghan Rua Ó Néill ab ea Aodh Dubh. Eisean a bhí i gceannas ar chosaint Chluain Meala nuair a d'ionsaigh Cromwell an baile lena 10,000 saighdiúir ón "Model A...'
 
No edit summary
Líne 1:
Nia le hEoghan Rua Ó Néill ab ea Aodh Dubh. Eisean a bhí i gceannas ar chosaint Chluain Meala nuair a d'ionsaigh Cromwell an baile lena 10,000 saighdiúir ón "Model Army", is ní dhéanfadh Cromwell dearmad air go brách.
 
In aon lá amháin troda i Mí Bhealtaine, 1650, chaill Cromwell breis is 3,000 saighdiúr, níos mó ná an líon a chaill sé le linn 10 mbliana cogaíochta i Sasana sa chogadh chathartha in aghaidh an rí Charles I. De bharr shár-oirbheartaíocht Uí Néill a chaill Cromwell a chuid saighdiúirí, mar ba shaighdiúr gairmiúil Aodh Dubh, a rugadh sa Spáinn agus a fuair chuid taithí mhíleata sna cogaí iomadúla in Ísiltír na Spáinne. An lá dár gcionn, nuair a thóg Cromwell Cluain Meala, bhí Aodh Dubh agus a 1,200 saighdiúr imithe thar abhainn na Siúire. Níor bhuail Cromwell le hAodh Dubh riamh arís, ach mhair Aodh Dubh chun páirt lárnach a ghlacadh i gcosaint Luimnigh ar nia Cromwell, Henry Ireton.
 
Níor bhuail Cromwell le hAodh Dubh riamh arís, ach mhair Aodh Dubh chun páirt lárnach a ghlacadh i gcosaint Luimnigh ar nia Cromwell, Henry Ireton. Nuair a ghéill Luimneach, deineadh príosúnach d'Aodh Dubh, ach dhein sé é féin a chosaint chomh maith sin nár crochadh é, mar a tharlaíodh le ceannairí eile na nGael sa tréimhse chorraithe úd. Cuireadh go Londain é, marar chaith sé cúpla bliain i bpríosún sular scaoileadh saor é.