An difríocht idir athruithe ar: "Cromail in Éirinn 1649-1650"

Content deleted Content added
Líne 12:
Sular tháinig Cromail ní raibh i seilbh na Parlaiminte ach [[Baile Átha Cliath]] agus [[Doire]], ach ba ghearr gur ghabh sé an chuid ba mhó den oirthear agus den tuaisceart. Ar dtús ghabh sé dhá chalafort dhaingnithe, [[Droichead Átha]] agus [[Loch Garman]], chun go mbeadh sé in ann lón a thabhairt anall ó Shasana. I Meán Fómhair 1649 mharaigh saighdiúirí Chromail beagnach 3,500 duine i nDroichead Átha tar éis gur ghéill an baile mór – b'in timpeall 2,700 saighdiúir Ríogaí agus gach fear a raibh airm ar iompar aige, agus roinnt sibhialtach, príosúnach agus sagart.<ref name="autogenerated2">Kenyon, John & Ohlmeyer, Jane (eag.). ''The Civil Wars'', Oxford 1998, lch 98.</ref> I nDeireadh Fómhair 1649 tharla sléacht eile i Loch Garman, cé nach léir cén fáth ná conas. Nuair a bhí Cromail ag iarraidh dul chun socraithe bhris cuid de na saighdiúirí isteach sa bhaile mór, mharaigh 2,000 saighdiúir Éireannach agus suas le 1,500 siabhialtach, agus rinne luaith de roinnt mhaith de na tithe.<ref>Fraser, Antonia (1973). ''Cromwell, Our Chief of Men,'' agus ''Cromwell: the Lord Protector'' (Phoenix Press), ISBN 0-7538-1331-9 lgh344-46.</ref>
 
Tar éis ghabháil Dhroichead Átha chuir Cromail saighdiúirí ó thuaidh chun greim a fháil ar an tuaisceart agus chuaigh i mbun bailte móra eile a imshuí. Ghéill [[Cill Chainnigh]] ar choinníollacha, mar a rinne a lán bailte móra eile, ar nós Ros Mhic Thriúin agus [[Ceatharlach|Cheatharlach]], ach theip air [[Port Láirge]] a ghabháil, agus nuair a d’imshuigh sé [[Cluain Meala]] i Mí na Bealtaine, 1650, chaill sé suas le 23,000 fear sa troid sular ghéill an baile mór.<ref name="autogenerated4">Kenyon & Ohlmeyer, lch.100.</ref>
 
D’éirigh leis áiteamh ar na saighdiúirí Protastúnacha Ríogaí i g[[Corcaigh]] teacht leis, rud ar mhór an bua ann féin é agus a thugann léargas (más gá) ar a thábhachtaí a bhí cúrsaí creidimh sa chogadh seo.<ref> Fraser, lgh 321-322; Lenihan, lch 113.</ref> Ach tháinig scéala chuige go raibh Séarlas II tar éis Albain a bhaint amach, agus d’fhill sé ar Shasana ó Eochaill ar 16 Bealtaine 1650. <ref>Fraser, lch 355.</ref>