An difríocht idir athruithe ar: "Túrcú"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: kw:Turku
m róbat ag suimiú: kl:Turku, sco:Turku; cosmetic changes
Líne 23:
Is í '''Túrcú''' (''Turku'' i bh[[Fionlainnis]] agus ''Åbo'' i [[Sualainnis]], an dara theanga sa tír) in iardheisceart na [[an Fhionlainn|Fionlainne]] an cúigiú chathair is mó agus an chathair is sine agus is stairiúla sa tír sin. Bhí sí ina príomhchathair ar an bhFionlainn go dtí an bhliain 1812, nuair a bronnadh an chéimíocht sin ar [[Heilsincí]]. Chuaigh an Fhionlainn ó lámh na Sualannach go lámh na Rúise i ndiaidh [[Cogadh na Fionlainne|Chogadh na Fionlainne]] sna blianta 1808-9, agus glactar leis go coitianta go raibh sé de rún ag [[Impireacht na Rúise|Impire na Rúise]] an Fhionlainn a scaradh ón tSualainn tríd an bpríomhchathair a athrú go háit ba chóngaraí don mháthairthír. Na hoifigí Rialtais a fágadh i dTúrcú, haistríodh iad féin go Heilsincí i ndiaidh an dóiteáin mhóir a rinne an-damáiste ar an gcathair sa bhliain [[1827]].
 
== Stair ==
 
D'fhás an t-áitreabh san 13ú haois timpeall ar Chnoc Unikankare, agus sa bhliain 1300, tógadh Ard-Eaglais ar an gcnoc. B'ansin a bhí lárionad an chreidimh agus na trádála san Fhionlainn le linn na [[An Mheánaois|Meánaoise]]. Bhí [[caisleán]] suite i gcóngar don Ard-Eaglais leis an áit a chosaint ar na foghlaithe iasachta, ach mar sin féin, chreach na Rúisigh ó Novgorod an chathair sa bhliain 1318, agus d'ionsaigh na [[An Danmhairg|Danmhargaigh]] í faoi dhó sa chéad leath den [[16ú haois|tséú haois déag]].
Líne 36:
I ndiaidh chogadh na mblianta 1808-1809, thit an Fhionlainn ón tSualainn le h[[Impireacht na Rúise]]. Bhí an tImpire buartha faoi chomh cóngarach agus a bhí Túrcú do Stócólm, agus sa bhliain 1812, hathraíodh feidhmeanna na [[príomhchathair|príomhchathrach]] soir go [[Heilsincí]]. Ar an 4 Meán Fomhair 1827, chuaigh Túrcú trí thine, nuair a bhí na tithe adhmaid triomaithe i ndiaidh an tsamhraidh the, agus na splancacha ag dul ó theach go teach go sciobtha. Fuair seachtar is fiche de dhaoine bás sa dóiteán, agus fágadh 11,000 duine gan teach gan dídean. Bhí an chathair léirscriosta chomh dona is gur chinn na húdaráis an chuid eile d'fheidhmeanna na príomhchathrach, go háirithe an tAcadamh, a aistriú go Heilsincí chomh maith. Fágadh Ard-Easpag Liútaránach na Fionlainne ag obair i dTúrcú, áfach, agus inniu féin, tá Túrcú ina príomhchathair reiligiúnach ar an bhFionlainn.
 
== Geograife ==
 
Tá Túrcú ar an mbeagán cathracha san Fhionlainn a tháinig ar an bhfód go nádúrtha, gan aon ordú oifigiúil faoi bhunú na cathrach. Is é is cúis leis sin ná an gheograife, nó tá inbhear breá isteach go lár na cathrach, rud a fhágann gur dual di bheith ina háit mhór trádála.
Líne 43:
 
[[Íomhá:Cathedral of Turku 1814.jpg|thumb|Ard-Eaglais Thúrcú (1814)]]
== Oideachas ==
Bunaíodh an chéad scoil i dTúrcú, mar atá, Scoil na hArdeaglaise (''Katedralskolan i Åbo''), i ndeireadh na tríú haoise déag. Bunaíodh an chéad Ollscoil ("Acadamh Åbo") sa bhliain 1640, ach sa naoú haois déag, haistríodh go Heilsincí í chomh maith leis na hoifigí Rialtais. Tháinig dhá ollscoil nua ar an bhfód san fhichiú haois, mar atá, [[Åbo Akademi]], an ollscoil Sualainnise, agus [[Turun Yliopisto]], an ollscoil Fionlainnise.
 
== Le Feiceáil ==
I ndiaidh an dóiteáin féin, maireann go leor iarsmaí den Mheánaois i dTúrcú, rud is annamh san Fhionlainn, ó tá cuma an-nua-aimseartha - ró-nua-aimseartha b'fhéidir - ar go leor den tír. Is í an Ard-Eaglais suaitheantas Thúrcú, ach thairis sin, tá an Caisleán ann, cé go ndearna na buamaí Sóivéadacha an-dochar dó i mblianta [[an Dara Cogadh Domhanda]]. Ritheann Abhainn Aura (Fionlainnis: ''Aurajoki'', Sualainnis: ''Aura å'') tríd an gcathair, agus cuid de shaol samhraidh na cathrach é an dóigh a mbíonn lucht na spaisteoireachta ag trasnú na habhann ar an mbád traidisiúnta farantóireachta, ''Föri'', cé go bhfuil go leor droichid ann chomh maith.
 
Tá roinnt iarsmalann ag oibriú sa chathair, ach is í Aboa Vetus & Ars Nova an ceann is nua acu. Ar dtús, ní raibh ach dánlann na healaíne nua-aimseartha - Ars Nova - le bunú ansin, ach nuair a bhí dúshraith á cur faoin músaem, tháinig na tógálaithe ar an oiread iarsmaí ón Meánaois gur hathraíodh an bunsmaoineamh, agus cuireadh Aboa Vetus - músaem Shean-Túrcú - ar bun san áit chéanna le hArs Nova. hOsclaíodh an dá mhúsaem sa bhliain 1995.
 
== Tagairtí ==
{{commons|Category:Turku|Túrkú}}
{{reflist}}
{{stumpa}}
 
[[Catagóir:Cathracha san Fhionlainn]]
 
{{stumpa}}
 
{{Nasc AR|fi}}
Line 88 ⟶ 87:
[[it:Turku]]
[[ja:トゥルク]]
[[kl:Turku]]
[[ko:투르쿠]]
[[kw:Turku]]
Líne 107:
[[ro:Turku]]
[[ru:Турку]]
[[sco:Turku]]
[[se:Turku]]
[[simple:Turku]]