An difríocht idir athruithe ar: "Johan Ludvig Runeberg"

Content deleted Content added
Líne 24:
 
==Saothar Liteartha==
Is iad ''Fänrik Ståls sägner'', nó [[Scéalta an Mheirgire Stål]], an chuid is clúití de shaothar Runeberg. (Faoin teideal Fionlainnise - ''Vänrikki Stoolin tarinat'' - is fearr a aithníonn Fionlannach an lae inniu iad.) Dánta laochais is ea iad ina gcuirtear síos ar [[Cogadh na Fionlainne|Chogadh na Fionlainne]] idir an tSualainn agus [[an Rúis]] sna blianta [[1808]]-[[1809]]. D'fhág an cogadh seo an Fhionlainn ag [[anImpireacht Impirena RúiseachRúise]]. Mar sin, tá Runeberg, go bunúsach, ag móradh naimhde an Impire sna dánta seo, rud a chuir isteach ar na cinsirí san Fhionlainn ag an am. Mar sin féin, d'éirigh leis an bhfile na dánta seo a fhoilsiú faoi chlúdach leabhair lena lá féin. Tháinig an chéad chuid amach sa bhliain [[1848]], agus cuireadh an dara himleabhar i gcló sa bhliain [[1860]].
 
Cuid de shiombaileachas náisiúnta na Fionlainne is ea iad na dánta seo, chomh maith leis na daoine ar a dtugtar cur síos iontu. Is é an ceann is tábhachtaí acu an dán tosaigh, ''Vårt land'', nó ''Maamme'', arb é an t-amhrán náisiúnta é inniu. Thairis sin, ní mór ''Björneborgarnas marsch'' - ''[http://www.presidentti.fi/fin/instituutio/porilaisten_marssi.html Porilaisten marssi]'', is é sin, máirseáil na saighdiúirí ó chathair [[Pori]] - a lua. Is í an mháirseáil seo ceol suaitheantais [[Uachtarán na Fionlainne]] agus máirseáil onórach [[Arm na Fionlainne]] inniu, ach bhí an fonn ann sular chuir Runeberg na focail leis. Maidir le ''Sven Dufva'', cuireann an dán seo síos ar shaol agus ar bhás [[Sven Dufva]], fear óg ar bheagán céille a théann sna saighdiúirí, ós rud é nach bhfuil aon mhaith ann le haghaigh obair feirmeoireachta, agus cé nach bhfuil an tsaighdiúireacht ag éirí leis go rómhaith ach an oiread, faigheann sé bás an laoich sa deireadh, agus é ina sheasamh ar an droichead leis na Rúisigh a stopadh ón abhainn a thrasnú: