An difríocht idir athruithe ar: "An tIRA Sealadach"

Content deleted Content added
m +IV
m IRA
Líne 1:
Eagraíocht pharaimíleata Phoblachtánach in Éirinn is ea é an t'''IRA Sealadach''', nó na '''Sealadaigh''', mar a thugtar orthu as Gaeilge go minic, atá meáite ar gach nasc a bhriseadh idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe, an rialtas Briotanach i dTuaisceart Éireann a chur ar ceal agus oileán na hÉireann a athaontú faoi aon rialtas saor Gaelach amháin. Tá cosc dlí ar an eagraíocht seo ina lán tíortha, go háirithe i b[[Poblacht na hÉireann]], sa [[an Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]], agus i [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]], ós rud é nach bhfuil ach meas na sceimhlitheoirí acu ar na Sealadaigh. Tháinig na Sealadaigh ar an bhfód sa bhliain 1969. Thar na blianta fada, bhí siad ag iarraidh Éire Aontaithe a bhaint amach le lámh láidir. Ar an 28ú lá de Mhí Iúil sa bhliain 2005, d'fhógair Comhairle Airm na Sealadach deireadh leis an bhfeachtas armtha. Dúirt siad freisin go mbeidís ag cloí le modhanna daonlathacha síochánta feasta lena gcuspóirí a bhaint amach, agus nár chóir do na hÓglaigh aon chineál eile gníomhaíochta a chleachtadh.
 
Cosúil leis na heagraíochtaí eile a dtugtar "[[IRA]]" orthu, tograíonn na Sealadaigh "[[Óglaigh na hÉireann]]" a thabhairt orthu féin as Gaeilge, cé nach dtaithníonn an úsáid seo le fórsaí armtha [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht na hÉireann]], ós é sin an t-ainm atá acu orthu féin, freisin.
 
{{stumpa}}