An difríocht idir athruithe ar: "An Éigeandáil"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 3:
Bhí go leor cúiseanna leis an neodracht seo. Mar gheall ar an gcríochdheighilt, bhí go leor daoine sa tír a shíl gur cheart an deis a thapú chun [[na Sé Chontae]] a ghabháil ar ais agus [[Sasana]] i gcruachás. Bheadh sé deacair, go polaitiúil, seasamh oscailte a ghlacadh ar son na gComhghuaillithe. Ar chúiseanna praiticiúla, thug rialtas [[Éamon de Valera]] tacaíocht rúnda do na Comhghuaillithe in aghaidh na [[An Ghearmáin|Gearmáine]].
 
De réir mar a deir [[Thomas Hennessy]] ina leabhar ''[[The History of Northern Ireland]]'', bhí polaiteoirí ceannasacha Thuaisceart Éireann scanraithe as a meabhair ag [[Adolf Hitler|Hitler]], agus iad suite siúráilte go raibh an [[Naitsíochas]] ag iarraidh an [[Críostaíocht|Chríostaíocht]] a chur de dhroim an tsaoil. Bhí an [[Tiarna Craigavon]], a fuair bás sa bhliain 1940, ag cur na ceiste air féin, laethanta deireanacha an tsaoil, an mbeadh sé sásta [[An Teorainn Éireannach|an Teorainn]] a chur ar ceal agus Éire a athaontú, dá rachadh de Valera chun cogaidh in éadan na Gearmáine. Is é an tátal a bhain sé féin as an scéal go mbeadh, b'fhéidir. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh na h[[Aontachtóirí]] i bhfad ag cromadh ar a gcuid seansciolladóireachta faoi fheall na g[[Caitliceach]], ó d'fhan an chuid eile d'Éirinn neodrach. Sa deireadh, ní dhearna an cogadh ach méadú agus athneartú ar a seandearcadh frith-Chaitliceach.
 
Bhí ciondáil i bhfeidhm sa tír de dheasca an ghanntanais, agus seiftiúlacht de dhíth ar an stát chomh maith leis an saoránach. Baineadh an-úsáid as na portaigh chun [[móin]] a sholáthar do na bailte móra. Go dtí sin, bhí an tír go mór i dtuilleamaí an ghuail a bhí á iomportáil ón [[An Bhreatain Mhór|Bhreatain Mhór]]. Sampla is ea é seo den dóigh ar tharraing muintir na hÉireann ar acmhainní a dtíre féin, nuair a bhí an soláthar ó na tíortha eile ag rith gann.