An difríocht idir athruithe ar: "An Éigeandáil"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 9:
Bhí an meon féinchothaitheach, neamhspleách seo le haithint i gcúrsaí an chultúir freisin. Chuir muintir na hÉireann spéis nua i gcultúr dúchasach na tíre, an [[Gaeilge|Ghaeilge]] san áireamh, agus tháinig eagraíochtaí nua Gaeilge ar an bhfód, go háirithe [[Glúin na Buaidhe]] (leagan [[Gaeilge Uladh|Ultach]] é sin; "Glúin an Bhua" a deirtear sa chaighdeán) a raibh [[Gearóid Ó Cuinneagáin]] agus [[Proinsias Mac an Bheatha]] ina bun. Craobh de chuid [[Conradh na Gaeilge|an Chonartha]] a bhí ann ar dtús, [[Craobh na hAiséirí]].
 
Méadaíodh an [[Arm na hÉireann|tArm]] go mór. Bhí na céadta míle daoine óga páirteach sasan bh[[Fórsa Cosanta Áitiúil|Fhórsa Cosanta Áitiúil]] chomh maith, agus iad ar an airdeall in aghaidh ionradh ó gach taobh.
 
D'imtheorannaigh na húdaráis lucht leanúna an [[IRA]] ar feadh an chogaidh. Bunaíodh campa géibhinn dóibh i g[[Curach Chill Dara]], agus iad á gcoinneáil ansin go deireadh an chogaidh. Bhí [[Máirtín Ó Cadhain]] ansin chomh maith le duine, agus chaith sé an t-am ag cumadh an úrscéil cháiliúil úd [[Cré na Cille]]. Is féidir an t-úrscéal a léamh mar mheafar ar bhlianta an bhraighdeanais.
 
Nuair a bhí an cogadh thart bronnadh boinn orthu a raibh "Ré na Práinne" scríofa orthu i n[[Gaeilge]].