An difríocht idir athruithe ar: "Seán Ó hEochaidh"

polaiteoir Éireannach
Content deleted Content added
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 18:44, 25 Meitheamh 2006

Teachta Dála. Rugadh é an 8 Samhain 1961 i mBaile Átha Cliath. Mac le Cathal Ó hEochaidh agus a bhean Maureen (iníon le Seán Lemass. Fuair sé a chuid oideachais i gColaiste N. Póil, Ráth Eanaigh, agus i gColáiste na Tríonóide. Fuair sé céim i bPolaitíocht agus Eacnamaíocht agus chuaigh sé le polaitíocht ina óige. Bhí sé ina bhall de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ó 1985 go 2003, agus ina Ard-Mhéara ar an gcathair ar feadh bliana.

Chaith sé na blianta 1987 go 1992 ina Sheanadóir, agus toghadh chun na Dála é i 1992. Is polaiteoir cúramach coimeádach é atá faoi scáth a athar ó thús agus ní bhfuair sé ardú céime riamh sa Dáil. Choinnigh sé a shuíochán ón chéad uair a toghadh é go dtí an lá inniu.