An difríocht idir athruithe ar: "Constance Gore-Booth Markiewicz"

Content deleted Content added
m litriú
m róbat ag suimiú: hu:Countess mankiewicz; cosmetic changes
Líne 1:
[[FileÍomhá:Countess Markiewicz.jpg|mion|upright|Constance Gore-Booth Markiewicz.]]
Polaiteoir, náisiúnaí agus réabhlóidí [[Éire|Éireannach]]annach ab ea í '''Constance Gore-Booth''', níos deireanaí an ''Chuntaois Constance Markievicz'' ([[4 Feabhra]] [[1868]] [[Londain]] - [[15 Iúil]] [[1927]] [[Baile Átha Cliath]]). Áirítear ar laochra náisiúnta na hÉireann í. Is é "Markie'''v'''icz" gnáthlitriú a sloinne a úsáidtear in [[Éire|Éirinn]] sa lá atá inniu ann, ach is é an litriú a úsáidtear sa [[Polainnis|Pholainnis]] ná "Markie'''w'''icz", nó is mar v an Bhéarla a fhuaimnítear w na Polainnise. Nuair a scríobhadh an chéad bheathaisnéis Polainnise fúithi, ba é an leagan a d'úsáid an t-údar ná ''Konstancja Markiewiczowa''.
 
[[Íomhá:Constance2.gif|mion|upright|Constance Markiewicz in éineacht lena hiníon Maeve agus a leasmhac]]
 
== Laethanta a hÓige ==
Saolaíodh Constance Georgine Gore-Booth i m[[Buckingham Gate]] i [[Londain]], agus b'é [[Sior Henry Gore-Booth]], an taiscéalaí, a hathair. Bhí sí ar an iníon ba shine sa teaghlach. Murab ionann agus formhór mór na dtiarnaí talún in [[Éire|Éirinn]], ní raibh Sior Henry ag dúshaothrú a chuid tionóntaí. Mar sin, más amhlaidh féin gur bean uasal ab ea í Constance, d'fhoghlaim sí trócaire agus daonnacht i leith na mbochtán agus í ag fás aníos. Bhí eastát an teaghlaigh, Teach Lios an Daill, suite i [[Contae Shligigh|gContae Shligigh]] in iarthuaisceart na hÉireann. Chuaigh Eva, deirfiúr Constance, le gluaiseacht an luchta oibre agus le gluaiseacht na mban, a bhí san am sin ag troid ar son chearta vótála na mban. Bhí an bheirt acu cairdiúil le [[W. B. Yeats|William Butler Yeats]], an [[filíocht|file]], agus é ag teacht ar cuairt go minic. D'fhág a chuid smaointeachais a lorg ar shaoldearcadh na ndeirfiúracha i leith na healaíne agus na polaitíochta.
 
== Pósadh agus Luathpholaiteoireacht ==
[[Íomhá:Constance Markiewicz by John Butler Yeats.jpg|thumb|left|upright|Constance Markiewicz, [[John Butler Yeats]]]]
Theastaigh ó Constance dul leis an [[ealaín]]. Sa bhliain [[1893]], chuaigh sí ag foghlaim ealaíontóireachta i Scoil Slade i Londain. Ina dhiaidh sin, thug sí aghaidh ar [[Páras|Pháras]], áit ar casadh an Cunta Polannach-Úcráineach Kazimierz Markiewicz (Casimir Dunin-Markievicz) uirthi. Ealaíontóir ab ea é agus baint aige le teaghlach uasal saibhir [[An Pholainn|Polannach]], ach bhí sé pósta cheana féin nuair a fuair sé aithne ar Constance. Sa bhliain [[1899]], áfach, cailleadh a bhean chéile, agus phós sé Constance sa bhliain [[1901]]. Mar sin, rinneadh an Chuntaois Markievicz di.
Líne 17:
Sa bhliain [[1909]], bhunaigh sí [[Fianna na hÉireann]] (is minic a úsáidtear an leagan "Na Fianna Éireann", cé nach bhfuil sé ag teacht le ceart na teanga). Bhí na Fianna an-chosúil le gluaiseacht na nGasóg, a bhí bunaithe ag an Tiarna Baden-Powell, ach má bhí féin, bhí cuma i bhfad ní ba mhíleata ar an ngluaiseacht Éireannach, agus na buachaillí ag foghlaim úsáid a bhaint as na hairm thine, mar shampla. B'é dearcadh [[Pádraig Mac Piarais|Phádraic Mhic Phiarais]] go raibh an tábhacht chéanna ag baint leis na Fianna agus le [[Óglaigh na hÉireann|hÓglaigh na hÉireann]], ar cuireadh bun leo sa bhliain [[1913]]. Sa bhliain [[1911]], caitheadh an Chuntaois i dtóin phríosúin i ndiaidh di páirt ghníomhach a ghlacadh sna hagóidí in aghaidh chuairt an [[Rí Seoirse a Cúig]] ar Éirinn. Le linn an [[Frithdhúnadh Mór Bhaile Átha Cliath|Fhrithdhúnta]] sa bhliain [[1913]], chuaigh sí in [[Arm Cathartha na hÉireann|Arm Cathartha]] [[Séamus Ó Conghaile|Shéamuis Uí Chonghaile]], agus í ag reáchtáil cistin anraith le riaradh ar na hoibrithe nach raibh luach a mbia acu.
 
== Éirí Amach na Cásca ==
[[Íomhá:Constance1.jpg|thumb|upright|An Chuntaois faoi shainéide an tsaighdiúra]]
Sa bhliain [[1913]], thug a fear céile a aghaidh ar [[an Úcráin]], agus níor fhill sé riamh. Is féidir go raibh baint éigin le gníomhaíochtaí a mhná leis an éalú seo. Cibé scéal é, bhí an Chuntaois páirteach in [[Éirí Amach na Cásca]] sa bhliain [[1916]], mar shaighdiúir in [[Arm Cathartha na hÉireann]], agus ghoin sí snípéir de chuid Arm Shasana. B'é a col ceathair féin a chimigh í i ndiaidh na gcathanna, agus gearradh breith an bháis di. Ós bean a bhí inti, áfach, mhalartaigh an Ginearál Maxwell pionós an bháis ar phríosúnacht saoil.
Líne 23:
Scaoileadh an Chuntaois saor ón bpríosún arís sa bhliain [[1917]], nuair a thug rialtas na Breataine Móire ollmhaithiúnas dóibh siúd a throid in Éirí Amach na Cásca. Faoin am seo a d'athraigh an Chuntaois a creideamh ó [[Eaglais na hÉireann]] go [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Caitliceachas]].
 
== An Chéad Dáil ==
Sa bhliain [[1918]], príosúnaíodh arís í, agus an pháirt a bhí aici san fheachtas in aghaidh an choinscríofa. San olltoghchán i Mí na Nollag, 1918, vótáladh isteach ar an b[[an Chéad Dáil|Parlaimint]] í, chomh maith le dháréag iarrthóir is trí scór eile de chuid Shinn Féin. Mar sin, bhí sí ar an chéad Fheisire mná riamh i dTeach na dTeachtaí. Ó bhí Sinn Féin ar fad ag staonadh ón bparlaimint, dhiúltaigh sí glacadh leis an suíochán a bhí bainte amach aici.
 
Líne 30:
Chaith an Chuntaois seal ina hAire Oibreachais ó Mhí Aibreáin [[1919]] go Mí Eanáir [[1922]], ar an Chéad Rialtas agus ar an Dara Rialtas de chuid na Dála. Bhí sí ar an chéad bhean riamh a bhí ina hAire Rialtais in Éirinn, agus níor ceapadh an chéad Aire mná eile roimh an mbliain 1919, nuair a rinneadh Aire na Gaeltachta de Mháire Geoghegan-Quinn.
 
== An Cogadh Cathartha agus Fianna Fáil ==
 
D'éirigh an Chuntaois as an rialtas i Mí Eanáir [[1922]] in éineacht le h[[Eamon de Valera]] agus an chuid eile acu siúd nár ghlac leis an [[Conradh Angla-Éireannach|gConradh Angla-Éireannach]]. Throid sí chomh maith le duine sna hÓglaigh in aghaidh an Chonartha. Tar éis an [[Cogadh Cathartha na hÉireann|chogaidh]], chuaigh sí ag taisteal [[SAM|Mheiriceá]]. Níor vótáladh isteach í i dtoghchán na bliana [[1922]], ach sa chéad bhliain eile, toghadh í do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas. De réir pholasaí staonaireachta Shinn Féin, dhiúltaigh sí glacadh leis an suíochán. Thuill a dearcadh dearg-Phoblachtach seal i bpríosún di arís, agus istigh ansin di, chuaigh sise agus dháréag bhanphríosúnach eile is ceithre scór ar stailc ocrais. I gceann míosa, bhí sí saor arís. Ba chuimhin le lucht rialtais an [[Saorstát Éireann|tSaorstáit]] i gcónaí an náire shaolta a tharraing stailceanna ocrais [[na Sufraigéidí]] ar rialtas na Breataine Móire roimh an gcogadh.
Líne 36:
Chuaigh an Chuntaois i [[Fianna Fáil|bhFianna Fáil]] a thúisce is a bunaíodh an páirtí sin, sa bhliain [[1926]]. Bhí sí ina cathaoirleach ar chruinniú bunaidh an pháirtí in [[Amharclann La Scala]]. Toghadh ina Teachta ar an gcúigiú Dáil í i Mí an Mheithimh, [[1927]], ach fuair sí bás sula raibh de sheal aici glacadh leis an suíochán. Galar tobann a thug a bás. B'fhéidir go raibh sí tar éis eitinn a tharraingt ó na bochtáin a raibh sí ag freastal orthu, murarbh é an t-[[aipindicíteas]] é. hAdhlacadh í i [[Reilig Ghlas Naíon]] i mBaile Átha Cliath.
 
== Féach freisin ==
* [[Cumann na mBan]]
 
Líne 42:
 
{{síol}}
 
[[Catagóir:Teachtaí Dála|Markiewicz, Constance]]
[[Catagóir:Baill den 1ú Dáil|Markiewicz, Constance]]
Line 57 ⟶ 58:
[[es:Constance Markievicz]]
[[fr:Constance Markievicz]]
[[hu:Countess mankiewicz]]
[[it:Constance Markiewicz]]
[[ja:コンスタンツ・マルキエビッチ]]