An difríocht idir athruithe ar: "Tomás Ruiséil (reibiliúnach)"

Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: en:Thomas Russell (rebel); cosmetic changes
Líne 11:
Bhí tionscail rathúil an línéadaigh agus na teicstíle agus pobail loingis thráchtála i mBéal Feirste ag an tréimhse seo agus ghlaoití 'Aithin an Tuaiscirt' uirthi.
 
Mar oifigeach garastún, bhí rochtain ag an Ruiséalach ar an aicme nua gairmiúla agus gnó a bhí ag teacht chun cinn. Ba radacaithe iad cuid mhaith de na daoine seo, ([[Preispitéach|Preispitéirigh]] a bhí eisiata ón [[Cinsealacht|Chinsealacht]] mar gheall ar a gcreideamh. Beannaíodh [[Réabhlóid na Fraince]] sa bhliain 1789 le croí agus aigne i mBéal Feirste, mar a bhí idéalacha na saoirse, an chomhionannais, agus an bhráithreachais a bhí cónasctha leis an Réabhlóid.
 
Mar gheall ar a aigne ghéar agus a smaointí radacacha, ba ghearr go raibh an Ruiséalach cairdiúil le [[Henry Joy McCracken]], [[James Hope]], [[Samuel Neilson]] agus daoine eile a bhí le ról suntasach a ghlacadh i [[Cumann na nÉireannach Aontaithe|gCumann na nÉireannach Aontaithe]].