An difríocht idir athruithe ar: "Theobald Wolfe Tone"
Content deleted Content added
m robot Adding: nl:Theobald Wolfe Tone |
Catagóir, cúpla naisc |
||
Líne 3:
Duine aithnidiúil ar son neamhspleáchas na h[[Éire]]ann ab ea '''Theobald Wolfe Tone''' ([[20 Meitheamh]] [[1763]] - [[19 Samhain]] [[1798]]), ar a dtugtar '''Wolfe Tone''' go minic.
Bunaitheoir [[Cumann na nÉireannach Aontaithe|Chumann na nÉireannach Aontaithe]] ab ea Tone. Chaith sé tamall mar mhac léinn i g[[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath]], agus cháiligh mar dhlíodóir. Ina óige theastaigh uaidh cóilíneacht a bhunú san [[An tAigéan Ciúin|Aigéan Ciúin]] ach ní raibh duine ar bith sásta tacú leis. Dhírigh sé ar pholaitíocht na hÉireann ansin agus bhí an-éileamh ar na paimphléidí a scríobh sé faoi chás na tíre lena linn. Bhí an poblachtánachas ag teacht chun cinn ag an am, agus [[Preispitéireachas|Preispitéirigh]] [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]] go háirithe ag teacht faoi thionchar [[Réabhlóid na Fraince]]. Bhí Tone ag agairt ar [[Caitliceachas|Chaitlicigh]], [[
Ceapadh Tone ina rúnaí lánaimseartha ar Choiste na gCaitliceach in earrach na bliana 1792 agus bhí sé i mbun feachtais chun cliarscoil a bhunú in Éirinn ionas go mbeadh sagairt na tíre á n-oiliúint ina dtír féin. De réir mar a chonacthas nach ngéillfeadh Rialtas na [[an Bhreatain|Breataine]] d'éileamh na nÉireannach Aontaithe chuathas i muinín na réabhlóideach sa Fhrainc. Iarradh ar na Francaigh fórsaí a chur go hÉirinn chun an réabhlóid a chur i gcrích. Fuair na húdaráis amach go raibh an chomhcheilg seo ar bun agus gabhadh cuid mhaith de cheannairí na nÉireannach Aontaithe. Tugadh cead do Tone an tír a fhágáil agus d'imigh sé lena chlann go Philadelphia sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] ar feadh tamaill. Ach níor thaitin na Meiriceánaigh leis, ní raibh i Washington dar leis ach "''high-flying aristocrat''" agus ní raibh na Meiriceánaigh chomh ceanúil ar an daonlathas agus a mhaígh siad, dar leis.
Chuaigh Tone go [Páras]] chun an Stiúrthóireacht a spreagadh chun ionradh a dhéanamh ar Éirinn. Sheoil cabhlach mór le 14,000 fear as calafort [[Brest]] ach theip go tubaisteach ar an iarracht teacht i dtír i g[[Cuan Bheanntraí]] i 1796. Chaith Tone tamall ina oifigeach in arm na Fraince agus rinne sé cúpla iarracht eile ionradh a eagrú i gcomhar leis na Francaigh agus na h[[
Thosaigh [[Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe]] in Éirinn i 1798 agus Tone thar sáile, agus arís rinne sé a dhícheall chun ionradh Francach a eagrú. Cuireadh fórsa beag go Maigh Eo faoi cheannas Humbert ach bhí formhór na tíre ceansaithe ar Arm na Breataine faoin am sin agus níor mhair an feachtas sin i bhfad. Chuaigh Tone é féin le cabhlach beag go Loch Súilí ach chloígh cabhlach na Breataine go héasca é agus gabhadh Tone. Daoradh chun báis é, ach ghearr sé a scornach le scian póca ar an 12 Samhain 1798, agus fuair sé bás cúpla lá ina dhiaidh sin.
Bhí an-tionchar ag scríbhinní agus gníomhartha Wolfe Tone ar ghluaiseacht na saoirse agus na poblachta in Éirinn ó lá a bháis.
[[Catagóir:Stair na hÉireann]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1763]]
[[Catagóir:Básanna i 1798]]
[[de:Theobald W. Tone]]
|