An difríocht idir athruithe ar: "Iseatóp"
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: frr:Isotoop |
No edit summary |
||
Líne 1:
Is éard atá i gceist leis na h'''iseatóip''' agus [[núiclíd]]í - cineálacha [[Núicléas adamhach|núicléis adamhaigh]] - arb ionann líon na b[[prótón]] iontu cé nach ionann líon na [[neodrón]]. Ós é líon na bprótón a shocraíonn líon na [[leictreon]] san [[adamh]] agus, dá réir sin, na tréithe ceimiceacha, is ionann tréithe ceimiceacha na n-iseatóp agus mar sin, is í an [[Dúil cheimiceach|dúil]] chéanna atá i gceist leis na hiseatóip.
Cuid de na hiseatóip bíonn siad cobhsaí, ionas nach féidir radaighníomhaíocht ar bith a aithint orthu. Tugtar raidiseatóip ar na hiseatóip radaighníomhacha. Is núiclídí éagobhsaí iad, is é sin, tá sé de chlaonadh iontu athrú go núiclídí eile - go dúile eile - trí cháithnín a astú, ionas go n-athróidh líon na bprótón agus/nó na neodrón sa núicléas. Tagann meath radaighníomhach den chineál seo ar an raidiseatóp de réir na dóchúlachta is dual dó féin, agus mar sin, is féidir leathré gach raidiseatóp a aithint is a shainiú. An núiclíd nua a ghinfear sa phróiseas seo, is féidir di bheith cobhsaí nó radaighníomhach.
An chuid is mó de na hiseatóip atá le fáil sa dúlra inniu, tá siad cobhsaí, nó tá an Domhan chomh sean is go raibh d'am ag na raidiseatóip meath a dhéanamh agus claochlú go núiclídí cobhsaí. Na dúile is troime dá bhfuil sa dúlra, áfach, cosúil leis an [[úráiniam]] nó leis an [[tóiriam]], níl iseatóip chobhsaí acu ar aon nós, ach san am chéanna tá siad féin chomh fadsaolach ó thaobh na leathré de agus go bhfuil iarsmaí díobh fágtha ann i gcónaí.
De réir na tuisceana atá againn inniu, is í an luaidhe (dúil cheimiceach a 92) an dúil is troime (is é sin, an dúil is airde uimhir adamhach) a bhfuil iseatóip chobhsaí aici. Tá ceithre iseatóp cobhsaí ag an luaidhe.
{{Síol}}
|