An difríocht idir athruithe ar: "Dónall Ó Braoin"
Content deleted Content added
No edit summary |
Guliolopez (plé | dréachtaí) m +Rang +IV |
||
Líne 1:
Bhí '''Dónall Ó Braoin''' ina throdaí saoirse agus ina pholaiteoir d'[[Fianna Fáil|Fhianna Fáil]]. Saolaíodh sa bhliain 1894 é, agus fuair sé bás ar an 27ú lá de Mhí na Nollag 1969.
Rugadh an Braonach, nó ''Dan Breen'', mar a thugtaí air as [[Béarla]], do lánúin feirmeoirí ar [[An tSulchóid Bheag|an tSulchóid Bheag]] i g[[Contae Thiobraid Árann|Co.
Le linn an chogaidh, gheall na Gaill duais deich míle punt d'aon duine a chimeodh an Braonach. Mar sin féin, bhí sé in ann é féin a chur i gceannas ar chuid mhór de na hÓglaigh. Ábhar scéalaíochta agus seanchais is ea é a chrógacht mar Óglach. Nuair a bhí an dá chogadh - Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad - thart, vótáladh isteach ar an Dáil é sa bhliain 1923, mar Phoblachtánach a bhí in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh.
Sa bhliain 1924, d'fhoilsigh sé leabhar faoin am a chaith sé ina threallchogaí, ''My Fight for Irish Freedom''. Ní raibh sé féin ina scríbhneoir maith, ach fuair sé cuidiú óna chara, Somhairle Ó Fathaigh, arbh é deartháir Phroinsiais Uí Fhathaigh é. Cuireadh Gaeilge ar an leabhar freisin, agus tháinig an t-aistriúchán i gcló faoin teideal ''Ag Troid ar son na Saoirse''. Sa chéad olltoghchán sa bhliain 1927, chaill an Braonach a shuíochán Dála, agus chuaigh sé go Meiriceá. Nuair a tháinig sé ar ais, d'éirigh ní b'fhearr leis, agus fuair sé a shuíochán ar ais i dtoghchán na bliana 1932. Chaith sé an chéad tríocha bliain eile ina Theachta Dála do Thiobraid Árann. D'éirigh sé as sa bhliain 1965 le dul ar pinsean, agus shíothlaigh sé i mBaile Átha Cliath, ceithre bliana ina dhiaidh sin.
{{stumpa}}
[[Rang:Básanna i 1969|Braoin, Dónall Ó]]
[[Rang:Daoine a rugadh i 1894|Braoin, Dónall Ó]]
[[en:Dan Breen]]
|