An difríocht idir athruithe ar: "Ruairí Mac Easmainn"

Content deleted Content added
No edit summary
Catagóir
Líne 1:
Taidhleoir Briotanach agus náisiúnaí Éireannach ab ea é '''Ruairí Dáithí Mac Easmainn''' ([[1 Meán Fómhair]] [[1864]] - [[3 Lúnasa]] [[1916]]). Rugadh i g[[Cuas an Ghainimh]] é, in aice le [[Baile Átha Cliath]]. Bhí a athair ina Phrotastúnach, ach d'fhéach a mháthair chuige go bhfuair sé baiste an Chaitlicigh ar chúla téarmaí. Cailleadh an bheirt acu nuair nach raibh Ruairí ach óg, agus b'iad muintir a athara i gCúige Uladh a thóg é.
 
Ar dtús, bhain an tEasmannach cáil amach leis an tuairisc a thug sé ar an léirscrios a rinne anlathas Rí na Beilge, Leopold, ar an gCongó. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé le gluaiseacht an neamhspleáchais in Éirinn, agus bhí sé ina idirghabhálaí rúnda ag iarraidh armálacha Gearmánacha a sholáthar do reibiliúnaigh [[Éirí Amach na Cásca|na Cásca]]. Cuireadh chun báis é i bhfad i ndiaidh cheannairí eile na Cásca, i bpríosún Pentonville i Londain.
 
[[Catagóir:Stair na hÉireann|Mac Easmainn, Ruairí]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1864|Mac Easmainn, Ruairí]]
[[Catagóir:Básanna i 1916|Mac Easmainn, Ruairí]]