An difríocht idir athruithe ar: "Aigéad nítreach"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 18:
Leacht gan dath é an t-aigéad nítreach glan, agus é 1.52 g/cm<sup>3</sup> ar dlús. Is é an fiuchphointe atá aige ná 83&nbsp;°C. Tá sé de chlaonadh san aigéad glan dianscaoileadh (titim as a chéile) go h[[uisce]] agus ocsaídí nítrigine, go háirithe má fhágtar faoi thionchar an [[solas|tsolais]] nó má théitear go fiuchphointe é. De ghnáth, tagann dath buí san aigéad nítreach glan de réir a chéile agus é ag déanamh dé-ocsaíd nítrigine de réir a chéile. Bíonn ocsaídí nítrigine ag éirí as an aigéad glan freisin, agus sin é an tuige go dtugtar "múchaigéad nítreach" air uaireanta. Mar sin, bíonn sé níos praiticiúla go minic an t-aigéad nítreach a choinneáil ar stóras mar mheascán aiseotrópach uisce a bhfuil 68 % aigéad nítreach ann. Tugtar aigéad nítreach tiubhaithe ar an [[aiseotróp]] seo.
 
Is féidir aigéad nítreach agus uisce a mheascadh i ngach coibhneas, agus bíonn salainn an aigéid seo - na níotráití - iontach sothuaslagtha san uisce chomh maith. Mar shampla, bíonn na salainn [[Airgead (dúil)|airgid]] dothuaslagtha san uisce go minic, ach tá an níotráit airgid iontach sothuaslagtha. Ocsaídeoirí láidire iad na níotráití chomh maith leis an aigéad féin, agus mar sin, is féidir ábhar pléasctha (púdar gunna) a dhéanamh trí níotráit, sulfar agus carbón a mheilt agus a mheascadh. Maidir leis an níotráit amóiniam NH<sub>4</sub>NO<sub>3</sub>, is ábhar tábhachtach leasacháin (leasú talún) é, ach san am chéanna, is féidir úsáid a bhaint as mar ábhar pléasctha freisin.
 
Tugtar [[Sailpítear|sailpítir]] ar na níotráití chomh maith, go háirithe na cinn a úsáidtear mar leasacháin san fheirmeoireacht, ar nós sailpítear na Sile (nó sailpítear Pheiriú), arb ionann é agus an níotráit sóidiam; an sailpítear sa chiall chúng, nó an níotráit photaisiam, agus sailpítear na hIorua, is é sin, an níotráit chailciam.
 
[[Catagóir:Aigéid]]