Content deleted Content added
No edit summary
 
No edit summary
 
Líne 1:
Más é seasamh oifigiúil Acmhainn.ie gurb é "astaireacht" an leagan ceart, tá an ceart agat go hiomlán agus tú ag baint úsáide as. Ar an drochuair, dealraíonn sé nach bhfuil an Coiste Téarmaíochta féin róchinnte den úsáid.
 
Is é "réaltlach" an moladh a fuair mé ó Fidelma agus ón gCoiste, ach fuair mé drochmholadh eile uathu - "an tAomadh Mór" ar an nGreat Attractor. "An tOllaomthóir" an téarma a bhí ag Matt Hussey ina "Ghasaitéar Eolaíochta", agus ós rud é go bhfuil úsáid bainte as an téarma sin aigesean cheana, níl aon ghá le téarma nua.
 
Mar sin, agat féin is fearr atá an ceart faoin rud seo. Go n-éirí an obair leat! [[Úsáideoir:Panu Petteri Höglund|Panu Petteri Höglund]] 13:05, 29 Meitheamh 2006 (UTC)