Content deleted Content added
No edit summary
 
No edit summary
Líne 2:
 
Faoin bhfocal "astaireacht": Is é sin an téarma a úsáidtear le "asterism" a aistriú i gcomhthéacs na clóbhuailteoireachta, ach is é an moladh a fuair mise ó Fidelma Ní Ghallchóir (An Coiste Téarmaíochta) ná "réaltlach" a thabhairt ar "asterism" i gcomhthéacs na réalteolaíochta. Cf. cnámharlach, creatlach. Ar ndóigh, má tá seanleabhair réalteolaíochta agat as Gaeilge ina n-úsáidtear "astaireacht" i gcoimhthéacs na réaltaí, is fearr cloí leis an tseanúsáid sin. Treise leat. [[Úsáideoir:Panu Petteri Höglund|Panu Petteri Höglund]] 12:03, 16 Bealtaine 2006 (UTC)
 
Más é seasamh oifigiúil Acmhainn.ie gurb é "astaireacht" an leagan ceart, tá an ceart agat go hiomlán agus tú ag baint úsáide as. Ar an drochuair, dealraíonn sé nach bhfuil an Coiste Téarmaíochta féin róchinnte den úsáid.
 
Is é "réaltlach" an moladh a fuair mé ó Fidelma agus ón gCoiste, ach fuair mé drochmholadh eile uathu - "an tAomadh Mór" ar an nGreat Attractor. "An tOllaomthóir" an téarma a bhí ag Matt Hussey ina "Ghasaitéar Eolaíochta", agus ós rud é go bhfuil úsáid bainte as an téarma sin aigesean cheana, níl aon ghá le téarma nua.
 
Mar sin, agat féin is fearr atá an ceart faoin rud seo. Go n-éirí an obair leat! [[Úsáideoir:Panu Petteri Höglund|Panu Petteri Höglund]] 13:05, 29 Meitheamh 2006 (UTC)
 
Gabh mo leithscéal. D'fhág mé an méid sin thuas ar do leathanach úsáideora. Ar ndóigh, is é an leathanach plé an áit cheart. [[Úsáideoir:Panu Petteri Höglund|Panu Petteri Höglund]] 22:27, 29 Meitheamh 2006 (UTC)