An difríocht idir athruithe ar: "An Albáinis"
Content deleted Content added
CarsracBot (plé | dréachtaí) m róbat ag suimiú: sm:Gagana Kosovo |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 16:
Is teanga [[Teangacha Ind-Eorpacha|Ind-Eorpach]] í an '''Albáinis''' (''Gjuha Shqipe'' [ˈɟuˌha ˈʃciˌpɛ] nó ''Shqip'' [ʃcip] sa teanga féin). Tá sí ina haicme féin i measc na dteangacha Ind-Eorpacha, nó tá sí chomh breac le hiasachtaí ó theangacha eile agus go bhfuil sé deacair a rá go cruinn cá bhfuil sí i gcrann ginealais na fine teangacha.
Labhraítear í san [[An Albáin|Albáin]], sa [[An Chosaiv|Chosaiv]] agus i gceantair áirithe i [[Montainéagró]] agus i b[[Poblacht na Macadóine]] in oirdheisceart na h[[An Eoraip|Eorpa]]. Labhraítear canúintí Albáinise i ndeisceart na hIodáile (mar ''Arbëreshë'') agus sa [[An Ghréig|Ghréig]] (mar ''Arvanitika'') freisin. Tá thart ar
== Na Canúintí ==
{{FloatThumb|Albanian_language_map.jpg|200px|Limistéar labhartha na hAlbáinise, agus ainmneacha na gcanúintí i ndath buí}}
Tá dhá phríomhchanúint ann: an ''Toscais'' (''Toskërisht'') sa deisceart agus an ''Ghéigis'' (''Gegërisht'') sa tuaisceart. Tá an caighdeán scríofa bunaithe ar an Toscais
Is iad na difríochtaí is tábhachtaí idir an dá phríomhchanúint ná go seasann ''n'' na Géigise go minic do ''r'' na Toscaise: G ''râna'', T. ''rëra'' "gaineamh", agus go n-aithníonn an Ghéigis na gutaí fada thar na gutaí gearra. Is minic a chloistear an t-''a'' fada (â) in áit ''e'' gearr doiléir na Toscaise (ë) sa Ghéigis, agus bíonn blas na srónaíola le haithint ar an ''a'' fada sin go minic.
Líne 32:
Is iad an dá cheann deireanacha na cinn is aistí acu go léir. Tá aibítir Beitha Kukju ainmnithe as an té a chum is a cheap sa bhliain 1840 í, ach ní dheachaigh sí in úsáid go forleathan riamh. Bhí aibítir Elbasan in úsáid timpeall chathair Elbasan san ochtú haois déag, ach tá sí ligthe i ndearmad anois.
Maidir leis an aibítir Ghréagach, baineann na h''Arvanitika'', nó Albánaigh na Gréige, úsáid aisti inniu féin lena gcanúint a chur ar pár, má scríobhann siad í ar aon nós. Sna laethanta a bhí, áfach, bhí an aibítir seo i bhfad ní ba
Na hAlbánaigh a chuaigh ar
Inniu, is í an aibítir Laidineach a úsáidtear go hoifigiúil. Is iad na litreacha speisialta atá ann ná ë (a sheasann don ghuta dhoiléir, an cineál guta a chloisfeá i bhfocail Béarla cosúil le ''her'', mar a fhuaimnítear "i mBéarla na Bainríona" é) agus ç (cosúil le ''ch'' an Bhéarla). Thairis sin, fuaimnítear litreacha áirithe ar dhóigh neamhchoitianta:
Líne 58:
==An Litríocht==
Tá litríocht éigin á foilsiú trí mheán na hAlbáinise ón 16ú haois i leith. Na chéad leabhair a cuireadh i gcló, ba leabhair chráifeacha nó croinicí stairiúla iad. In Oirthear na hAlbáine, tháinig Voskopojë chun cinn mar lárionad litríochta agus clódóireachta sa tseachtú haois déag. Cultúr Gréagach a bhí i gceist ansin, ach bhain lucht léinn Voskopojë úsáid as an Albáinis agus as teangacha reigiúnacha eile le Gréigis a mhúineadh agus le reiligiún Críostaí na nGréagach a chraobhscaoileadh. Mar sin, foilsíodh a lán leabhar cráifeach Ortadocsach as Albáinis
Sa naoú haois déag, tháinig gluaiseacht athbheochana náisiúnta na hAlbáinise, ''Rilindja Kombetarë'', ar an bhfód, agus thosaigh scríbhneoirí ag saothrú na teanga le cúis na gluaiseachta a chur chun cinn. Ba iad Jeronim de Rada agus Naim Frashëri príomhscríbhneoirí na linne. File rómánsach
Filí tábhachtacha eile de chuid na hAthbheochana ab ea Zef Serembe, Ndre Mjeda, agus Andon Zako Çajupi.
Nuair a tháinig an Cumannachas i gceannas ar an Albáin, is follasach gur cuireadh an Réalachas Sóisialach ag rialú na litríochta. Mar sin féin, bhí scríbhneoirí cosúil le Jakov Xoxa agus Ismail Kadare in ann scéalta suimiúla a chumadh, cé nár sháraigh siad srianta an pholasaí oifigiúil chultúrtha.
|