An difríocht idir athruithe ar: "Fungas"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Mionphointí gramadaí
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 20:
:Basidiomycota
}}
Is [[orgánach]] [[Eocarót|eocarótach]] é an '''Fungas''' a bhaineann leis an [[ríocht]] '''Fungi'''. Is grúpa monaifíléiteach iad na fungais a dtugtar [[Eumycota]] (fíor-fhungais nó ''Eumycetes'') orthu, agus iad difriuil leis na slam-mhúscáin (''myxomycetes'') agus na huisce-mhúscáin (''oomycetes''). Is deacair fungais a thabhairt faoi deara: tá siad beag agus maireann san ithir, ar ábhar marbh agus ar rudaí beo. Is mór an bhaint atá acu le lobhadh agus le hathchúrsáil cothaitheach. Is féidir cuid acu a ithe, agus is maith an sás chun laibhiniú agus chun coipeadh iad. Baintear feidhm astu chun antaibheathaigh agus eimsímí tionsclaíocha a dhéanamh.
 
Tá fungais [[ilcheallach]]a ann (m.sh. [[muisiriún|muisiriúin]] agus [[beacán|beacáin]]) agus cillbhalla citineach acu. Fásann filiméid ilcheallacha ar a bhformhór a dtugtar [[hífe|hífí]] orthu. Tá fungais [[aoncheallach]]a ann (m.sh. [[giosta]]nna agus [[múscán|múscáin]]) freisin.
 
Tá an-éagsúlacht ag baint le fungais. Tugadh cuntas foirmiúil ar thimpeall 100,000 spéiceas,<ref>Cuirtear le chéile an méid spéiceas i ngach fíleam de réir an 10ú eagrán de ''Dictionary of the Fungi'' (Kirk ''et al''., 2008): Ascomycota, 64,163 spéiceas (lch 55); Basidiomycota, 31,515 (lch 78); Blastocladiomycota, 179 (lch 94); Chytridiomycota, 706 (lch 142); Glomeromycota, 169 (lch 287); Microsporidia, >1300 (lch 427); Neocallimastigomycota, 20 (lch 463).</ref> ach níl eolas iomlán againn ar éagsúlacht na bhfungas.<ref>Mueller G.M., Schmit J.P. (2006). “Fungal biodiversity: what do we know? What can we predict?” ''Biodiversity and Conservation'', imleabhar 16, lgh 1–5.</ref>
De ghnáth cuirtear atáirgeadh gnéasach agus éignéasach i gcrích trí spórú agus is minic sain-struchtúir nó spórthorthaí ann chuige. Chuaigh de chumas roinnt fungas struchtúr atáirgeach
a chruthú, agus nuair a shíolraíonn siad ní bhíonn ann ach atáirgeadh fásúil.
 
Tugtar [[míceolaíocht|an mhíceolaíocht]] ar an disciplín bitheolaíoch a bhaineann le staidéar na bhfungas, agus is minic a
luaitear leis an [[Luibheolaíocht]] é, cé gur gaire na fungais d'ainmhithe ná do phlandaí.
 
== Moirfeolaíocht ==
[[File:Penicillium labeled cropped.jpg‎|thumb|190px|left| Micreagraf aondathach a léiríonn [[Hífe|hífí]] ''Penicillium'' mar rudaí fada trédhearcacha tiúbacha atá cúpla micriméadar trasna. Fásann coinidiofóir amach go sleasach ó na hífí, agus críochnaíonn le mogaill fiailídí a bhfuil coinidiofóir chruinne ina gcoirníní orthu. Tá fochraí le feiceáil mar línte dorcha trasna na hífí.]]
De ghnáth cuirtear atáirgeadh gnéasach agus éignéasach i gcrích trí spórú agus is minic sain-struchtúir nó spórthorthaí ann chuige. Chuaigh de chumas roinnt fungas struchtúr atáirgeach a chruthú, agus nuair a shíolraíonn siad ní bhíonn ann ach atáirgeadh fásúil.
 
Fásann an chuid is mó de na fungais mar hífí, filiméid atá idir 2–10 micriméadar trasna agus a fhéadann a bheith cúpla ceintiméadair ar fad. Fásann hífí as a mbarr agus tagann na hífí nua amach ina gcraobhacha.<ref>Harris S.D. (2008). “Branching of fungal hyphae: regulation, mechanisms and comparison with other branching systems,” ''Mycologia'', imleabhar 50, lgh 823–32, eagrán 6.</ref> Fásann mícéiliam, gréasán hífí, dá bharr.<ref>Alexopoulos et al., lch. 30</ref>
 
Is féidir le hífí a bheith fochrach nó céanaicíteach. Tá hífí fochracha roinnte ina ranna a bhfuil fochraí eatartha agus núicléas nó roinnt núicléas i ngach roinn. Tá póir idir na ranna a ligeann do chíteaplasma, d’organáidí agus do núicléis dul siar agus aniar. Os a choinne sin, is cealla ilnúicléacha iad na hífí céanaicíteacha.<ref>Chang S-T, Miles P.G. (2004). ''Mushrooms: Cultivation, Nutritional Value, Medicinal Effect and Environmental Impact''. CRC Press. ISBN 0849310431</ref>
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
== Naisc ==
[[Fungais Oirdheisceart na hAstráile]]
 
== Leabhair ==
 
* Ainsworth G.C. ''Introduction to the History of Mycology'', Cambridge University Press, Cambridge, UK. 1976. ISBN 0-521-11295-8
 
* Alexopoulos CJ, Mims CW, Blackwell M. ''Introductory Mycology''. 1996. John Wiley and Sons. ISBN 0471522295
 
* Deacon J. ''Fungal Biology''. Blackwell Publishers, Cambridge, MA. 2005. ISBN 1-4051-3066-0
 
* Hall IR. ''Edible and Poisonous Mushrooms of the World''. Timber Press, Portland, Oregon. 2003. ISBN 0-88192-586-1
 
* Hanson JR. ''The Chemistry of Fungi''. 2008. Royal Society Of Chemistry. ISBN 0854041362
 
* Jennings DH, Lysek G. ''Fungal Biology: Understanding the Fungal Lifestyle''. 1996. Bios Scientific Publishers Ltd, Guildford, UK. ISBN 978-1859961506
 
* Kirk PM, Cannon PF, Minter DW, Stalpers JA. ''Dictionary of the Fungi'' (an 10ú heagrán). CABI, Wallingford. 2008. ISBN 0-85199-826-7
 
* Taylor EL, Taylor TN. ''The Biology and Evolution of Fossil Plants''. Prentice Hall, Englewood Cliffs, N.J. 1993. ISBN 0-13-651589-4
 
{{stumpa}}