Difference between revisions of "Fungas"

5 bytes added ,  9 years ago
De ghnáth cuirtear atáirgeadh gnéasach agus éignéasach i gcrích trí spórú agus is minic sain-struchtúir nó spórthorthaí ann chuige. Chuaigh de chumas roinnt fungas struchtúr atáirgeach a chruthú, agus nuair a shíolraíonn siad ní bhíonn ann ach atáirgeadh fásúil.
 
Fásann an chuid is mó de na fungais mar hífí, filiméid atá idir 2–10 micriméadar trasna agus a fhéadann a bheith cúpla ceintiméadair ar fad. Fásann hífí as a mbarr agus tagann na hífí nua amach ina gcraobhacha.,<ref>Harris S.D. (2008). “Branching of fungal hyphae: regulation, mechanisms and comparison with other branching systems,” ''Mycologia'', imleabhar 50, lgh 823–32, eagrán 6.</ref> Fásannagus fásann mícéiliam, gréasán hífí, dá bharr.<ref>Alexopoulos et al., lch 30.</ref>
 
Is féidir le hífí a bheith fochrach nó céanaicíteach. Tá hífí fochracha roinnte ina ranna a bhfuil fochraí eatartha agus núicléas nó roinnt núicléas i ngach roinn. Tá póir idir na ranna a ligeann do chíteaplasma, d’organáidí agus do núicléis dul siar agus aniar. Os a choinne sin, is cealla ilnúicléacha iad na hífí céanaicíteacha.<ref>Chang S-T, Miles P.G. (2004). ''Mushrooms: Cultivation, Nutritional Value, Medicinal Effect and Environmental Impact''. CRC Press. ISBN 0849310431</ref>
5,887

edits