An difríocht idir athruithe ar: "Fungas"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 20:
:Basidiomycota
}}
Is [[orgánach]] [[Eocarót|eocarótach]] é an '''Fungas''' a bhaineann leis an [[ríocht]] '''Fungi'''. Is grúpa monaifíléiteach iad na fungais a dtugtar [[Eumycota]] (fíor-fhungais nó ''Eumycetes'') orthu, agus iad difriuil leis na slam-mhúscáin (''myxomycetes'') agus na huisce-mhúscáin (''oomycetes''). Is deacair fungais a thabhairt faoi deara: tá siad beag agus maireann san ithir, ar ábhar marbh agus ar rudaí beo. Is mór an bhaint atá acu le lobhadh agus le hathchúrsáil cothaitheach. Is féidir cuid acu a ithe, agus is maith an sás chun laibhiniú agus chun coipeadh iad. Baintear feidhm astu freisin chun antaibheathaigh agus eimsímí tionsclaíocha a dhéanamh. Tugtar [[míceolaíocht|an mhíceolaíocht]] ar an disciplín bitheolaíoch a bhaineann le staidéar na bhfungas, agus is minic a luaitear leis an [[Luibheolaíocht]] é, cé gur gaire na fungais d'ainmhithe ná do phlandaí.
 
Tá an-éagsúlacht ag baint le fungais. Tugadh cuntas foirmiúil ar thimpeall 100,000 spéiceas,<ref>Cuirtear le chéile an méid spéiceas i ngach fíleam de réir an 10ú eagrán de ''Dictionary of the Fungi'' (Kirk ''et al''., 2008): Ascomycota, 64,163 spéiceas (lch 55); Basidiomycota, 31,515 (lch 78); Blastocladiomycota, 179 (lch 94); Chytridiomycota, 706 (lch 142); Glomeromycota, 169 (lch 287); Microsporidia, >1300 (lch 427); Neocallimastigomycota, 20 (lch 463).</ref> ach níl eolas iomlán againn ar éagsúlacht na bhfungas.<ref>Mueller G.M., Schmit J.P. (2006). “Fungal biodiversity: what do we know? What can we predict?” ''Biodiversity and Conservation'', imleabhar 16, lgh 1–5.</ref>