An difríocht idir athruithe ar: "Bulla- agus béarmhargadh"

Content deleted Content added
Market trend = treocht, de réir focal.ie
Líne 11:
 
Ar an mbéarmhargadh, tá gach infheisteoir ag dul in éadóchas faoin todhchaí, agus é ag iarraidh fáil réitithe dá chuid scaireanna ar phraghas chomh buntáisteach agus is féidir, sula gcaillfidh siad a bhfuil fágtha den luach iontu. Dá thoradh sin, leathfaidh an dearcadh duairc ar fud an mhargaidh, agus sa deireadh, is féidir go n-iompóidh an béarmhargadh ina chliseadh mhór agus na hinfheisteoirí ag iompairc le chéile ag iarraidh na scaireanna a dhíol uathu.
 
==Léim an chait mhairbh==
 
Má thagann feabhas beag gearrshaolach ar na praghsanna i ndiaidh dóibh titim fhada a chur díobh, tabharfaidh na hanailiseoirí stocmhalartáin ''léim an chait mhairbh'' air, más é an tuairim atá acu nach leor é le deireadh a chur leis an mbéarmhargadh. Tá an leagan cainte seo bunaithe ar an meafar "go léimfeadh an cat marbh féin dá dtitfeadh sé ó airde mhór anuas."
 
[[Catagóir:Stocmhargadh]]