An difríocht idir athruithe ar: "Iseatóp"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Hydrogen Deuterium Tritium Nuclei Schematic.svg|thumb|right|360px|Tá trí iseatóp nádúrtha ag an hidrigin: <br/>'''próitiam''': 1 prótón, 0 neodrón <br\>'''deoitéiriam''': 1 prótón, 1 neodrón<br\>'''tritium''': 1 prótón, 2 neodrón. <br\>Iseatóip chobhsaí iad an deoitéiriam agus an próitiam, ach is raidiseatóp é an tritiam. Tagann béite-mheath radaighníomhach air agus claochlaíonn na hadaimh tritiam go hadaimh héiliam, <sup>3</sup>He.]]Is éard atá i gceist leis na h'''iseatóip''' ná[[núiclíd]]í - cineálacha [[Núicléas adamhach|núicléis adamhaigh]] - arb ionann líon na b[[prótón]] iontu cé nach ionann líon na [[neodrón]]. Ós é líon na bprótón a shocraíonn líon na [[leictreon]] san [[adamh]] agus, dá réir sin, na tréithe ceimiceacha, is ionann tréithe ceimiceacha na n-iseatóp agus mar sin, is í an [[Dúil cheimiceach|dúil]] chéanna atá i gceist leis na hiseatóip.
 
Cuid de na hiseatóip bíonn siad cobhsaí, ionas nach féidir radaighníomhaíocht ar bith a aithint orthu. Tugtar raidiseatóip ar na hiseatóip radaighníomhacha. Is núiclídí éagobhsaí iad, is é sin, tá sé de chlaonadh iontu athrú go núiclídí eile - go dúile eile - trí cháithnín a astú, ionas go n-athróidh líon na bprótón agus/nó na neodrón sa núicléas. Tagann meath radaighníomhach den chineál seo ar an raidiseatóp de réir na dóchúlachta is dual dó féin, agus mar sin, is féidir leathré gach raidiseatóp a aithint is a shainiú. An núiclíd nua a ghinfear sa phróiseas seo, is féidir di bheith cobhsaí nó radaighníomhach.