An difríocht idir athruithe ar: "Achtainíd"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: hu:Aktinoidák
No edit summary
Líne 1:
Is iad na h'''achtainídí''' nó na h'''achtanóidigh''' na dúile ceimiceacha ón [[achtainiam]] (dúil uimhir a 89) go dtí an [[láirinciam]] (dúil uimhir a 103), nó, de réir tuisceana eile, ón [[tóiriam]] (dúil uimhir a 90) go dtí an láirinciam. Fuair an tsraith seo de dhúile a hainm ón achtainiam, pé scéal é. Is dúile f-bhloic iad na hachtainídí, agus iad suite taobh thíos de na lantainídí i dtábla peiriadach na ndúl. An chuid is mó de na lantainídí, is í an ghnáthuimhir ocsaídiúcháin a bhíonn acu sna comhdhúile ná +3; na hachtainídí, áfach, bíonn siad níos éagsúla ó thaobh a bhfiúis de. Dúile radaighníomhacha iad na hachtainídí go léir, is é sin, níl iseatóip chobhsaí acu, ach tá úráiniam agus tóiriam le fáil sa dúlra, ós rud é go bhfuil iseatóip chomh fadsaolach acu. Cuid mhór de na hachtainídí eile is dúile saorga daondéanta iad, is é sin, níl teacht orthu sa dúlra, agus is éigean iad a tháirgeadh in imoibreoirí núicléacha.
Cuimsíonn an tsraith '''achtainíd''' nó''' achtanóideach''' na 14 dúil cheimiceach le huimhreacha adamhacha ó 90 go dtí 103, sé sin le rá, ó [[Tóiriam|Thóiriam]] go dtí [[Láirinciam]]. Faigheann an tsraith achtainíd a hainm ón dúil [[Achtainiam]], atá ina bhall de [[Grúpa de thríú eilimintí|Ghrúpa 3]] sa [[Tábla Peiriadach]]. Cuirtear san áireamh é sa tsraith seo chun críche comparáidí. Ní bhíonn ach [[Úráiniam]] agus [[Tóiriam]] ar fáil i gcainníochtaí inúsáidte sa nádúr agus is eilimintí saorga iad na hachtainídí eile. Meastar na hachtainídí de ghnáth mar dhúil de chuid [[bloc-f]] sa [[Tábla Peiriadach]]. Léiríonn na hachtainídí [[fiús]]anna i bhfad níos mó athraitheach ná fiúsanna na [[Lantainídí]]. Tá gach achtainíd radaighníomhach.
 
Is iad na hachtainídí ná:
 
* [[achtainiam]] (uimhir a 89)
* [[tóiriam]] (uimhir a 90)
* [[prótachtainiam]] (uimhir a 91)
* [[úráiniam]] (uimhir a 92)
* [[neiptiúiniam]] (uimhir a 93)
* [[plútóiniam]] (uimhir a 94)
* [[aimeiriciam]] (uimhir a 95)
* [[ciúiriam]] (uimhir a 96)
* [[beircéiliam]] (uimhir a 97)
* [[calafoirniam]] (uimhir a 98)
* [[éinstéiniam]] (uimhir a 99)
* [[feirmiam]] (uimhir a 100)
* [[meindiléiviam]] (uimhir a 101)
* [[nóbailiam]] (uimhir a 102)
* [[láirinciam]] (uimhir a 103)
 
 
 
 
 
{{síol}}