An difríocht idir athruithe ar: "An Traí"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 2:
Is cathair fhinscéalach í '''An Traí''' ([[Gréigis]]: Τροία, ''Troia'', nó Ίλιον, ''Ilion'' freisin; [[Laidin]]: ''Troia'', ''Ilium'', [[Tuircis]]: ''Truva'') agus suíomh Chogadh na Traoi, mar a tugadh cuntas air san ''[[Íliad]]'', ceann den dá eipic a luaitear le [[Hóiméar]]. ''Traígh'' a thugtar ar lucht cónaithe na cathrach.
 
De réir mar a deir Hóiméir, scriosadh an chathair i ndeireadh an chogaidh tar éis do na Traígh capall adhmaid, deis a cheap na Gréagaigh, a ligean isteach. Tá tagairtí i saothair seachas san Íliad don eachtra: san [[An Odaisé|Odaisé]] (eipic eile le Hóiméir), mar shampla. Chuir staraithe Gréagacha dátaí difriúla leis an gcogadh, idir an dóú is an ceathrú haois déag RCh.
 
Chreid na Sean-Ghréagaigh is na Rómhánaigh gur chogadh stairiúil é Cogadh na Traoi. Rinne [[Veirgil]], file mór Rómhánach, mionléiriú ar fhinscéal Hóiméir san [[An Aeinéid|Aeinéid]]. Thug [[Alastar Mór]] cuairt ar an suíomh sa bhliain [[334 RC]] agus d'ofráil sé íobairtí ag tuamaí [[Aichill]] agus [[Patroclus]], laochra Hóiméaracha.