An difríocht idir athruithe ar: "An Traí"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Troy1.jpg|thumb|300px|Ballaí na Traí ó aimsir Chogadh na Traoi]]
Is cathair fhinscéalach í '''An TraíTraoi''' ([[Gréigis]]: Τροία, ''Troia'', nó Ίλιον, ''Ilion'' freisin; [[Laidin]]: ''Troia'', ''Ilium'', [[Tuircis]]: ''Truva'') agus suíomh Chogadh na Traoi, mar a tugadh cuntas air san ''[[Íliad]]'', ceann den dá eipic a luaitear le [[Hóiméar]]. ''Traígh'' a thugtar ar lucht cónaithe na cathrach.
 
De réir mar a deir Hóiméir, scriosadh an chathair i ndeireadh an chogaidh tar éis do na Traígh capall adhmaid, deis a cheap na Gréagaigh, a ligean isteach sa chathair. Tá tagairtí i saothair seachas sanan Íliad don eachtra: san; [[An Odaisé|Odaisé]] (eipic eile le Hóiméir), mar shampla. Chuir staraithe Gréagacha dátaí difriúla leis an gcogadh, idir an dóú is an ceathrú haois déag RCh.
 
Chreid na Sean-Ghréagaigh is na Rómhánaigh gur chogadh stairiúil é Cogadh na Traoi. Rinne [[Veirgil]], file mór Rómhánach, mionléiriú ar fhinscéal Hóiméir san [[An Aeinéid|Aeinéid]]. Thug [[Alastar Mór]] cuairt ar an suíomh sa bhliain [[334 RC]] agus d'ofráil sé íobairtí ag tuamaí [[Aichill]] agus [[Patroclus]], laochra Hóiméaracha.
 
BunaíodhBhunaigh an tImpire [[Ágastas]], cathair nua, ar an suíomh le linn an Impire Rómhánaighann, agus rath uirthi go dtí gur bunaíodh [[Cathair Chonstaintín]]. Tháinig meath uirthi de réir a chéile.
 
Sna [[1870í]] chuaigh [[Heinrich Schliemann]], seandálaí [[An Ghearmáin|Gearmánach]], i mbun tochailte san áit. Nochtadh iarsmaí roinnt cathracha a tógadh i ndiaidh a chéile. D'fhógair Schliemann go raibh an fhíor-Thraí aimsithe aige, ach meastar anois gurb í Traí VII, ceann de na cathracha is luaithe, atá i gceist ag Hóiméir.
 
Cuireadh an suíomh ar liosta Oidhreacht Domhanda [[UNESCO]] sa bhliain 1998.
 
==An Traí stairiúil==
 
==Archaeological Troy==
[[Image:Plan Troy-Hisarlik-en.svg|thumb|350px|right|Plean seandálaíoch de dhaingean Hisarlik]]
 
Ag seo sraitheanna fothracha i ndaingean Hisarlik:
 
*Troy I 3000–2600 RCh (an Anatóil Thiar, an Luath-Chré umhaois 1)
*Troy II 2600–2250 BC (an Anatóil Thiar, an Luath-Chré umhaois 2)
*Troy III 2250–2100 BC (an Anatóil Thiar, an Luath-Chré umhaois 3)
*Troy IV 2100–1950 BC (an Anatóil Thiar, an Luath-Chré umhaois 3)
*Troy V: an 20ú haois–an 18ú haois RCh (an Anatóil Thiar, an Luath-Chré umhaois 3)
*Troy VI: 17ú haois–15ú haois RCh
*Troy VIh: an Chré-umhaois Dhéanach, an 14ú haois RCh
*[[Troy VII]]a: ca. 1300–1190 RCh, an ré Hóiméarach is dóichí<ref>[http://projectsx.dartmouth.edu/history/bronze_age/lessons/les/27.html Troy VII and the Historicity of the Trojan War], Dartmouth College (2000)</ref>
*Troy VIIb<sub>1</sub>: an 12ú haois RCh
*Troy VIIb<sub>2</sub>: an 11ú haois RCh
*Troy VIIb<sub>3</sub>: go dti ca. 950 RCh
*Troy VIII: ca. 700 RCh
*Troy IX: Iliam Héilléanaíoch, an chéad aois RCh
 
Deirtear gur thosaigh Cogadh na Traí nuair a d'fhuadaigh Páras, prionsa Traíoch, Héilin fhíorálainn. Ba í bean Mheinealáis, rí Sparta, í, agus chun díoltas a imirt ar na Traígh chruinnigh ríthe na Gréige le chéile agus d'imshuigh an Traí. I gceann sé bliana d'éirigh leis na Gréagaigh dul isteach sa chathair trí "Chapall na Traí," seift a bheartaigh Uiliséas.
 
Deir an "Iliad" go ndearna na hAcháiaigh campa in aice bhéal abhainn Scamandair, áit a ndearna siad a gcuid long a tharraingt aníos as an bhfarraige. Bhí an Traí le fáil ar chnoc ar an taobh eile de mhá Scamandair, áit ar thit chathanna Chogadh na Traí amach. Anois tá láithreán na seanchathrach timpeall cúig mhíle slí ón gcósta, ach trí mhíle bliain ó shin b'in í an áit a raibh béil na habhann.<ref>[http://news.bbc.co.uk/2/hi/science/nature/2736059.stm Geologists investigate Trojan battlefield], 7 February 2003, BBC NEWS</ref>
 
===Traí I–V===
Bunaíodh an chéad chathair sa chéad mhílaois RCh. Bhí rath ar chúrsaí tráchtála ann sa Chré-umhaois, agus smacht ag an gcathair ar na Dardainéil, caolas a dtéadh longa tríd agus iad ar a mbealach ón Muir Aigéach go dtí an Mhuir Dhubh. Timpeall 1900 RCh bhí ollimirce ar siúl agus baint aici leis na Hitigh thoir. Rinneadh luaith de chathracha lastoir den Traí, agus tháinig athrú cultúrtha ar an gcathair úd a thaispeáin go raibh pobal nua i réim ann.<ref>Mellaart, James (1958). "The end of the early Bronze Age in Anatolia and the Aegean," ''American Journal of Archaeology'', imleabhar 62, eagrán 1, lgh 9–33 http://www.jstor.org/stable/500459 </ref>
===Traí II Schliemann===
Chreid Schliemann gurbh í Traí II cathair Hóiméir.
 
===Traí VI===
Leagadh Traí VI timpeall 1300 RCh, agus is dócha gur crith talún ba chúis leis.
 
===Traí VII===
Deirtear go mbaineann Traí VII leis an gcuid dheiridh den 13ú haois RCh. Dealraíonn sé gur cogadh a threascair í, agus léise is minice a luaitear Traí Hóiméir.<ref>http://projectsx.dartmouth.edu/history/bronze_age/lessons/les/27.html Troy VII and the Historicity of the Trojan War</ref>
 
===Schliemann===
Sa bhliain 1865 bhain [[Frank Calvert]], taidhleoir agus seandálaí Sasanach, trinsí ag [[Hisarlik|Hisarlık]] i bpáirc a cheannaigh sé ó fheirmeoir. Sa bhliain 1868 chuaigh [[Heinrich Schliemann]], fear saibhir gnó agus seandálaí, i mbun tochailte san áit tar éis bualadh le calvert ag [[Çanakkale]].<ref>Wood, Michael (1985). ''In Search of the Trojan War'', British Broadcasting Corporation, London, lgh 54–55. ISBN 9780563201618</ref> Nochtadh a lán cathracha a tógadh i ndiaidh a chéile, agus is dóigh le mórán scoláirí anois gurb ionann [[Traí VII]] agus [[Wilusa]], cathair [[Hiteach]] agus foinse, de réir dealraimh, Ἴλιον (Ilian). Shíl Schliemann féin gurbh í Traí II an chathair cheart, agus is ann a tháinig sé ar iarsmaí ar tugadh Taisce Phriam orthu agus ar cheannaigh Iarsmalann Bheirlin iad.
[[Image:ac.troy2.jpg|thumb|right|350px|Radharc ar mhá Iliam agus ar an Muir Aeigéach ó Hisarlik]]
 
===Korfmann agus Pernicka===
Sa bhliain 1988 thosaigh foireann de chuid Ollscoil [[Tübingen]] agus Ollscoil [[Cincinnati]] ag tochailt arís agus an tOllamh [[Manfred Korfmann]] i bhfeighil na hoibre, fad is a bhí an tOllamh [[C. Brian Rose|Brian Rose]] i bhfeighil foirne a bhí ag tochailt iarsmaí iar-Chré-umhaoise (iarsmaí Rómhánacha agus Biosáinteacha) feadh chósta na Mara Aeigéaí ag Bá na Traí. Fuarthas reanna saighde i sraitheanna den chéad chuid den 12ú haois RCh.
 
Aimsíodh agus tochlaíodh díg dhomhain i bhfothraigh cathrach Gréagaí agus Rómhánaí tar éis suirbhé iomháú maighnéadach sna páirceanna faoi bhun an daingin i Mí na Lúnasa 1993. Na hiarsmaí a fuarthas ann cuireadh dáta leo a bhain leis an gcuid dheiridh den Chré-umhaois, ré a luaitear le Traí Hóiméir. Mar a deir Korfmann, b'fhéidir gur bhain an díg leis an taobh seachtrach cosanta de chathair ba mhó go mór ná mar a síleadh.
 
I samhradh na bliana 2006 lean an tochailt faoi riar [[Ernst Pernicka]], comhghuaillí Korfmann.
 
==An Traí shamhailteach==
 
Bhí an oiread sin clú ar scéal na Traí sa seanreacht agus sna meánaoiseanna gur baineadh feidhm as chun údarás a chur le finscéalta bunúis náisiúnta. Sampla de sin ba ea scéal Aeinéas, laoch ar dúradh faoi gurbh é sinsear Romalais agus Réamais, bunaitheoirí na Róimhe.
 
Bhí laochra na Traí le fáil ina dhiaidh sin i bhfinscéalta bunúis na luathmeánaoiseanna, mar dheimhneodh ginealach ársa den saghas sin uaisleacht teaghlaigh uasail agus chuirfeadh sé úsarás le cuid na sean-Impireachta a ghabháil.<ref>Huppert, George. "The Trojan Franks and their Critics." ''Studies in the Renaissance'' 12. 1965. lgh 227-241. & Hays, Denys. ''Europe: The Emergence of an Idea''. 1957.</ref>
 
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
==Féach freisin==
*Carter, Jane Burr; Morris, Sarah P. ''The Ages of Homer''. University of Texas Press, 1995. ISBN 0292712081.
* Easton, D.F.; Hawkins, J.D.; Sherratt, A.G.; Sherratt, E.S. "Troy in Recent Perspective", ''Anatolian Studies'', Issue&nbsp;52. (2002), lgh 75–109.
* Latacz, Joachim. ''Troy and Homer: towards a solution of an old mystery''. Oxford University Press, Oxford (2004). ISBN 0199263086
* [http://www.crrs.ca/publications/bookpages/es05.htm ''Fantasies of Troy: Classical Tales and the Social Imaginary in Medieval and Early Modern Europe'']. Alan Shepard agus Stephen D. Powell a chuir in eagar. Toronto: Centre for Reformation and Renaissance Studies, 2004.
 
[[Catagóir:Miotaseolaíocht na Gréige]]