543
edits
Luckas-bot (plé | dréachtaí) m (róbat ag suimiú: be:Штат Мэрыленд) |
m |
||
|suíomh_greasáin=www.maryland.gov
}}
Stát
Tá Maryland aicmithe ag Biúró Daonáireamh Mheiriceá mar cheann de [[Stáit an Atlantaigh Ó Dheas (SAM)|Stáit an Atlantaigh Ó Dheas]]. Tagraítear dó mar [[Stáit an Atlantaigh Láir (SAM)|Stát an Atlantaigh Láir]] chomh maith. Ba é an seachtú stát a dhaingnigh [[Bunreacht Mheiriceá]] agus tugtar ''Old Line State'' agus ''Free State'' mar leasainmneacha air. De thairbhe a staire mar [[Stáit Teorann (Cogadh Cathartha Mheiriceá)|Stát Teorann]] tá tréithe cultúrtha an [[Tuaisceart Mheiriceá|Tuaiscirt]] agus an [[Deisceart Mheiriceá|Deiscirt]] araon le sonrú ann. Go ginearálta, is i gceantair thuaithe Maryland - an tIarthar, an Deisceart, agus an tOirthear - is mó a bhfuil tréithe cultúrtha Deiscirt Mheiriceá le sonrú. Os a choinne sin, tá tréithe cultúrtha Thuaisceart Mheiriceá in uachtar i lár an stáit, thart faoi [[Baltimore, Maryland|Baltimore]], [[Washington, D.C.]] agus na bruachbhailte fairsinge idir eatarthu.
Cé go bhfuil Maryland ar na stáit is lú ó thaobh achair de, tá ilghnéitheacht [[topagrafaíocht]]a agus réimse leathan timpeallachtaí nádúrtha le fáil ann. Tugtar ''Mionsamhail Mheiriceá'' nó "America in Miniature" mar leasainm eile air dá bharr. Ar chósta thoir an stáit, ar imeall an Atlantaigh, tá oileáin chúnga chosanta ann a bhfuil tránna míne acu agus dumhcha beaga atá breactha le féar mara. Níos faide siar tá talamh mhéith íseal ina bhfuil a lán feirmeacha circeola, torthaí, agus glasraí. Tá riasca móra fairsinge in aice leis an [[Bá Chesapeake|mBá Chesapeake]] ach go háirithe ar an imeall thoir, chomh maith le neart oileáin bheaga agus aibhneacha fadálacha a ritheann isteach inti. Síneann an Bhá Chesapeake suas trí cheartlár Maryland, á ghearradh ina dhá leath. Is ar imeall thiar na bá atá formhór an daonra ina gcónaí. Tá Baltimore, [[Annapolis, Maryland|Annapolis]], agus cuid mhaith de bhruachbhailte Washington, D.C. lonnaithe sa réigiún seo. Tá talamh réchnocach taobh thiar de na cathracha seo agus éiríonn na cnoic níos airde de réir a chéile nó go bhfuil siad ina sléibhte ceart. Tá iarthar an stáit lonnaithe i lár na [[Sléibhte Apaláiseacha]].
Tá teorainneacha ag Maryland le [[Pennsylvania]] ar an taobh ó thuaidh, le [[Virginia Thiar]] ar an taobh thiar, le [[Delaware]] agus leis an [[An tAigéan Atlantach|Aigéan Atlantach]] ar an taobh thoir, agus le [[Virginia]] ar an taobh ó dheas. Tá teorainn ag Maryland leis an gceantar cónascach Washington, D.C. chomh maith, ceantar atá suite ar thalamh a bhíodh mar chuid de Mharyland roimh bhunú na príomhchathrach. Ritheann formhór aibhneacha an stáit síos go dtí an Bhá Chesapeake, ach is sa dobhardhroim [[Abhainn Mississippi|Mhississippi]] atá cuid d'iarthar [[
== Aeráid ==
|
edits