An difríocht idir athruithe ar: "An tAontas Eorpach"

Content deleted Content added
m Cealaíodh athruithe 87.36.55.6 (Plé); ar ais chuig leagan le Xqbot
Líne 142:
=== Teangacha ===
 
Tá 23 teanga oifigiúil agus oibre ag an AE: [[Béarla]], [[Bulgáiris]], [[Danmhairgis]], [[Eastóinis]], [[Fionlainnis]], [[Fraincis]], [[Gaeilge]], [[Gearmáinis]], [[Gréigis]], [[Iodáilis]], [[Laitvis]], [[Liotuáinis]], [[Máltais]], [[Ollainnis]], [[Polainnis]], [[Portaingéilis]], [[Rómáinis]], [[Seicis]], [[Slóivéinis]], [[Slóvaicis]], [[Spáinnis]], [[Sualainnis]], agus [[Ungáiris]]. Aistrítear doiciméid thábhachtacha, mar shampla reachtaíocht, go gach teanga oifigiúil. Déanann [[Parlaimint na hEorpa]] aistriúchán i ngach teanga ar dhoiciméid agus ar a seisiúin iomlánacha. Ní úsáideann roinnt institiúidí eile ach cúpla teanga mar theangacha inmheánacha oibre. Is iad na Ballstáit atá freagrach as an bpolasaí teanga, ach cuireann institiúidí an AE béim ar theangacha eile a fhoghlaim.
hi
 
Is í an Ghearmáinis an teanga is mó a labhraítear mar theanga dhúchais (timpeall agus 88.7 milliún duine ó 2006), agus ansin leanann Béarla, Iodáilis agus Fraincis. Labhraíonn níos mó ná leath de dhaonra an AE (51%) Béarla agus mar sin is é an teanga iasachta is labhartha san Aontas é. Leanann Gearmáinis agus Fraincis. Is féidir le 56% saoránach Eorpach comhrá a choinneáil i dteanga eile seachas a dteanga dhúchais. [[Teangacha Ind-Eorpacha]] is ea formhór theangacha oifigiúla an AE, seachas an Eastóinis, an Fhionlainnis agus an Ungáiris den fhine [[Úralach]] agus Máltais ar [[teanga Seimíteach]] í. Scríobhtar an chuid is mó de theangacha oifigiúla an AE san [[aibítir Laidineach]], seachas Bulgáiris a scríobhtar san [[aibítir Chirileach]] agus an Ghréigis a scríobhtar san [[aibítir Gréagach]].
 
Chomh maith leis na 23 teanga oifigiúil, tá timpeall 150 teanga réigiúnacha agus neamhfhorleathana san Aontas á labhairt ag timpeall 50 milliún duine. As na teangacha sin, is féidir le saoránaigh comhfhreagras a dhéanamh le príomhinstitiúidí an AE i dteangacha réigiúnacha na Spáinne ([[Catalóinis]], [[Bascais]] agus [[Gailísis]]), i [[nGaeilge na hAlban]] agus sa [[Bhreatnais]]. Cé go dtugann cláir an AE tacaíocht do theangacha réigiúnacha agus neamhfhorleathana, is ceist do na Ballstáit féin é cosaint na dteangacha.
 
Seachas na teangacha réigiúnacha, labhraíonn pobail imirceacha sna Ballstáit a lán teangacha ó chodanna eile den domhan: [[Tuircis]], [[Araibis]], [[Rúisis]], [[Urdais]], [[Beangáilis]], [[Hiondúis]], [[Tamailis]], [[Úcráinis]], [[Puinseáibis]] agus [[teangacha Balcánacha]]. Tá a lán seanphobal imirceach dátheangach. Níl aon aitheantas nó stádas foirmiúil ag teangacha imirceacha san AE nó i dtíortha an AE, ach ó 2007 tá na teangacha sin i dteideal tacaíocht a fháil ó rannóg teagaisc teangacha an AE, Clár Foghlama Saoil 2007-2013.
 
=== Creideamh ===