An difríocht idir athruithe ar: "An tAontas Eorpach"

Content deleted Content added
m Cealaíodh athruithe 87.36.55.6 (Plé); ar ais chuig leagan le Mercy
Líne 47:
* 2007: [[An Bhulgáir]] agus [[An Rómáin]]
 
== Ballstáit ==
ur gay
[[Íomhá:Aontas_Eorpach_tiortha_oileain_256.png|deas|Léarscáil den Aontas Eorpach]]
Tá 27 dtír neamhspleácha ceannasacha san Aontas Eorpach agus tugtar “Ballstáit” orthu. Is iad na tíortha seo a leanas Ballstáit an Aontais Eorpaigh: [[An Ostair]], [[an Bheilg]], [[an Bhulgáir]], [[an Chipir]], [[Poblacht na Seice]], [[an Danmhairg]], [[an Eastóin]], [[an Fhionlainn]], [[an Fhrainc]], [[an Ghearmáin]], [[an Ghréig]], [[an Ungáir]], [[Éire]], [[an Iodáil]], [[an Laitvia]], [[an Liotuáin]], [[Lucsamburg]], [[Málta]], [[an Ísiltír]], [[an Pholainn]], [[an Phortaingéil]], [[an Rómáin]], [[an tSlóvaic]], [[an tSlóivéin]], [[an tSualainn]] agus [[an Ríocht Aontaithe]].
 
Tá trí thír ann atá ina n-iarrthóirí oifigiúla – sin iad [[an Chróit]], [[Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine]] agus [[an Tuirc]]. Glactar leis [[an Albáin]], [[an Bhoisnia-Heirseagaivéin]], [[Montainéagró]], agus [[an tSeirbia]] go hoifigiúil mar iarrthóirí ionchasacha. Tá [[an Chosaiv]] luaite ag an [[gCoimisiún Eorpach]] mar iarrthóir ionchasach ach ní luann sé mar thír neamhspleách í mar ní thugann gach Ballstát aitheantas di mar thír neamhspleách atá scartha ón tSeirbia.
 
Caithfear coinníollacha áirithe a chomhlíonadh sula bhféadfaidh tír nua dul isteach san AE. Shocraigh an Chomhairle Eorpach na coinníollacha seo i 1993 agus tugtar "[[Critéir Chóbanhávan]]" orthu. Is iad na coinníollacha ná:
 
* Go gcaithfidh forais pholaitíochta sheasmhacha a bheith ag an tír lena ráthaítear an smacht reachta, cearta an duine agus urraim agus cosaint do mhionlaigh;
* Go gcaithfidh eacnamaíocht fheidhmeach an mhargaidh a bheith ag an tír agus an cumas déileáil le brú iomaíochta agus fórsaí margaidh laistigh den AE;
* Go gcaithfidh go mbeidh sé de chumas ag an tír oibleagáidí na Ballraíochta a ghlacadh chucu féin, lena n-áirítear a bheith ag cloí le haidhmeanna an aontais pholaitíochta, eacnamaíochta agus airgeadaíochta.
* Go gcaithfidh go mbeidh an AE féin in ann an tír nua a chomhshamhlú isteach san AE agus, ag an am céanna, an spreagadh a choinneáil ar son an Eoraip a lánpháirtiú.
 
Ní shonraíonn an creat atá anois ann conas is féidir le tír imeacht as an AE (cé gur fhág [[an Ghraonlainn]] críoch na Danmhairge i 1985) ach tá nós imeachta foirmiúil ina leith sin i [[Conradh Liospóin|gConradh Liospóin]].
 
Cé nach bhfuil [[an Íoslainn]], [[Lichtinstéin]], [[an Iorua]] agus [[an Eilvéis]] ina mBallstáit san AE, tá caidreamh comhlachais acu leis an AE: is páirt den mhargadh aonair iad an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua mar tá siad i [[Limistéar Eacnamaíochta na hEorpa]] agus tá naisc den chineál céanna ag an Eilvéis trí chonradh déthaobhach. Maidir leis na micreastáit Eorpacha, úsáideann [[Andóra]], [[Monacó]], [[San Mairíne]] agus [[Cathair na Vatacáine]] an euro, agus iad faoi scáth a mórtíre comharsanacha faoi seach.
 
=== Tíreolaíocht ===
 
Ní hionann críoch an AE agus críoch na hEorpa, mar tá cuid den mhór-roinn nach bhfuil san AE, mar shampla an Íoslainn, an Eilvéis, an Iorua agus an [[Rúis]] Eorpach. Níl gach páirt de na Ballstáit san AE cé gur cuid de mhór-roinn na hEorpa iad (mar shampla [[Oileáin Mhuir nIocht]] agus [[Oileáin Fharó]]). Cé go bhfuil roinnt críoch ann nach bhfuil i limistéar geografach na hEorpa ach a bhfuil socruithe comhlachais eatarthu agus na Ballstáit, níl siad san AE féin (mar shampla [[an Ghraonlainn]], [[Aruba]], [[Aintillí na hÍsiltíre]], agus tíortha Chomhlathas Briotanach na Náisiún). Tá roinnt críoch thar lear ar cuid den AE iad cé nach bhfuil siad i limistéar geografach na hEorpa – mar atá [[na hAsóir]], [[na hOileáin Chanáracha]], [[Ceuta]], [[Guáin na Fraince]], [[Guadeloupe]], [[Maidéara]], [[Martinique]], [[Melilla]] agus [[La Réunion]].
 
Is 4,422,773 ciliméadar cearnach (1,707,642 míle cearnach) achar an Aontais Eorpaigh. Níl ach sé tír ar domhan níos mó ná críoch iomlán an AE. Is é [[Mount Blanc]] (Sliabh Bán) sna [[na hAlpa|hAlpa]] an bhinn is airde san Aontas agus tá sé 4,807 méadar os cionn leibhéal na farraige. Tá 69,342 ciliméadar (43,087 míle) de chósta ag an AE. Is ag an Aontas atá an dara cósta is faide ar domhan (is é cósta Cheanada an ceann is faide). Roinntear teorainn an Aontais le 21 thír eile nach Ballstáit den Aontais iad. Tá 12,441 ciliméadar (7,730 míle) de theorainn ann – an cúigiú teorainn is faide ar domhan.
 
Agus críocha thar lear na mBallstát á gcur san áireamh, tá beagnach gach cineál aeráide, ó artach go teochreasach, san AE. Mar sin, ní féidir 'gnáthaeráid' a lua leis an AE ina iomláine. Go deimhin, tá cónaí ar fhormhór an daonra i limistéir ina bhfuil aeráid mheánmhuirí (Deisceart na hEorpa), aeráid mheasartha aigéanach (Iarthar na hEorpa) nó aeráid ilchríochach teo-shamhraidh (Oirthear na hEorpa).
 
=== Cearta Bunúsacha ===
 
Níl catalóg de chearta bunúsacha ag an AE i láthair na huaire. Ach tugann [[Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach]] breithiúnais faoi chearta bunúsacha a thagann as na traidisiúin bhunreachtúla atá i gcoiteann ag na Ballstáit agus is féidir léi reachtaíocht an AE a chur ó bhailíocht mura ngéilleann sí do na cearta bunúsacha sin. Cé gur féidir a rá go bhfuil cód neamhscríofa de chearta bunúsacha ag an AE, rinneadh iarracht ó am go chéile catalóg scríofa a bhunú. I 2000, d’ullmhaigh an AE an [[Chairt um Chearta Bunúsacha]]. Níl an Chairt ina ceangal ar an AE faoi láthair ach beidh sí ina ceangal má thagann[[Conradh Liospóin]] i bhfeidhm. Mar sin féin, tá an Ríocht Aontaithe agus sa Pholainn díolmhaithe ó fhorálacha na Cairte sa mhéid a leagtar amach i bPrótacal Uimh. 30 atá ag gabháil le Conradh Liospóin.
 
Cé gur coinníoll ballraíochta den AE é daingniú an [[Choinbinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine]], níl an AE faoi chumhdach an choinbhinsiúin mar nach stát é an AE, i.e. nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige, agus nach bhfuil an inniúlacht aige chun aontú don choinbhinsiún. Níor stop sé sin, an Chúirt Bhreithiúnais ó aitheantas a thabhairt do na prionsabail atá i bpáirt ag na Ballstáit uile (i.e. an Coinbhinsiún um Chearta an Duine), agus is dealraitheach go mbíonn aird ag gCúirt Bhreithiúnais agus an [[gCúirt Eorpach um Chearta an Duine]] ar rialuithe a chéile chun a áirithiú nach bhíonn a gcásdlí ar neamhréir lena chéile. Dá dtiocfadh Conradh Liospóin i bhfeidhm, bheadh ar an AE aontú don choinbhinsiún.
 
== Rialachas ==