An difríocht idir athruithe ar: "Dick Cheney"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 18:
 
== Saol ==
Rugadh i [[Lincoln, Nebraska|Lincoln]], [[Nebraska]] ar an [[30 Eanáir]], [[1941]] é. Ba iad Richard Herbert Cheney agus Marjorie Dickey Cheney a thuismitheoirí. D'oibrigh a athair do [[Roinn Talmhaíochta na Stát Aontaithe]]. Tá deirfiúr amháin agus dearthair amháin aige. D'fhás sé aníos i g[[Casper]], [[Wyoming]] agus bhuail sé lena bhean chéile, Lynne Cheney san [[ardscoil]], nuair nach raibh ach ceithre bliana déag slánaithe aige. Tar éis na hardscoile, bhuaigh Cheney scoláireacht chun freastail ar [[Ollscoil Yale]] sa bhliain [[1959]], ach d'fhág sé í de dheasca drochmharcanna ina chuid scrúdaithe. Sa bhliain [[1963]], chuaigh sé go dtí Coláiste Pobail Casper agus tar éis sin d'fhreastail sé ar [[Ollscoil Wyoming]]. Bhain sé céim baitsiléara amach sa bhliain [[1965]] agus máistreacht san eolaíocht pholaitiúil sa bhliain [[1966]]. Bhí Cheney ina [[POF]] ar an gcomhlacht [[Halliburton]] go dtí an bhliain 2000. Ní chreideann sé sa [[téamh domhanda]].
 
[[Íomhá:Cheney meeting with Prince Sultan.jpg|thumb|left|300px|Cheney agus an Sabhdán [[bin Abdul Aziz Al Saud]] roimh ionradh [[Chuáit]], [[Mí na Nollag]] [[1990]]]]