An difríocht idir athruithe ar: "Alistair MacLean"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Scríbhneoir scéinséirí ó Albain ab ea '''Alistair Stuart MacLean''' (Gaeilge na hAlban: ''Alasdair Stiubhart Mac Gill-Eathain'') a tháinig chun saoil i mBaile Sheadn...'
 
Líne 5:
Ministir Protastúnach a bhí in athair Mhic Gill-Eathain, agus is í an teanga a bhí á labhairt sa bhaile acu ná Gaeilge na hAlban. Cé gur rugadh i nGlaschú é, chaith sé cuid mhaith dá chéad óige i nDeimhidh, faoi dheich míle ó dheas d'Inbhir Nis. Bhí sé ar an tríú mac den cheathrar, agus ní raibh deirfiúracha aige.
 
Chuaigh sé sa Chabhlach Ríoga - loingeas cogaidh na Breataine Móire - sa bhliain 1941, agus chaith sé a raibh fágtha den Dara Cogadh Domhanda ar fiannas ansin. Ar dtús, bhí sé ina Ghnáthmhairnéalach, ina dhiaidh sin fuair sé céim suas go Mairnéalach Inniúil, agus sa deireadh rinneadh Oibritheoir Ceannasach Tóirpéad de. I dtús a ghairmréime bhí sé ag seoladh ar an m''Bournemouth Queen'', bád spraoithurais a raibh gunnaí frithaerárthaí curtha léi le long chogaidh a dhéanamh di. Bhí an bád seo ag tabhairt aire do chóstaí Shasana agus na hAlban. Sa bhliain 1943, fuair sé aistriú go dtí an ''HMS Royalist'', cúrsóir éadrom cogaidh den aicme ''Dido''. Agus é ag seoladh ar an long seo, ghlac sé páirt sa chogaíocht féin, nó bhí an ''Royalist'' ag cur catha amuigh san Atlantach, ag tíonlacan longa iompair go cuanta Artacha an Aontais Shóivéadaigh (Murmansk agus Arkhangelsk) nó ag troid longa Gearmánacha ar nós an ''Tirpitz'' timpeall ar chóstaí na hIorua. Sa bhliain 1944, bhí sé ag cur cogaidh timpeall na Meánmhara, ag cuidiú leis an ionradh ar Dheisceart na Fraince nó ag troid in oileáin na Gréige. Is féidir gur goineadh san am seo é, agus é ag cleachtadh aimsitheoireachta.
 
{{síol}}