An difríocht idir athruithe ar: "Alistair MacLean"

Content deleted Content added
{{bosca sonraí}} ++
No edit summary
Líne 24:
I ndiaidh an [[Cogadh Fuar|chogaidh fuair]] sé scor ó na fórsaí armtha agus chuaigh sé ag déanamh staidéir ar an mBéarla i nGlaschú. Bhain sé amach a chéim ollscoile sa bhliain 1953, agus shocraigh sé síos sa [[An Ruadh-Ghleann (Albain)|Ruadh-Ghleann]] lena chuid a shaothrú ag múineadh scoile.
 
Ansin, áfach, cuireadh cor eile ina chinniúint. Nuair a bhí sé ina mhac léinn, d'éirigh leis scéalta a fhoilsiú ó am go ham agus airgead breise a shaothrú ar an dóigh seo. Sa bhliain 1954 bhuaigh sé comórtas scéalaíochta le scéal farraige faoin teideal ''Dìleas''. D'iarr an comhlacht foilsitheoireachta Collins air úrscéal a scríobh dóibh ansin, agus is é an leabhar a tháinig as a pheann ná ''HMS Ulysses''. Bhí an leabhar bunaithe ar thaithí cogaidh an scríbhneora féin, ach fuair sé cabhair óna dheartháir, a bhí ina Mháistir Mairnéalaigh, is é sin, ina mhairnéalach oilte proifisiúnta. Bhí rath agus ráchairt ar an leabhar, agus shaothraigh sé chomh maith ar an leabhar sin agus go raibh sé in ann éirí as an múinteoireacht agus dul le scríbhneoireacht go lánaimseartha.
 
{{síol}}