An difríocht idir athruithe ar: "Alistair MacLean"

Content deleted Content added
Líne 22:
Chuaigh sé sa Chabhlach Ríoga - loingeas cogaidh na Breataine Móire - sa bhliain 1941, agus chaith sé a raibh fágtha den [[Dara Cogadh Domhanda]] ar fiannas ansin. Ar dtús, bhí sé ina Ghnáthmhairnéalach, ina dhiaidh sin fuair sé céim suas go Mairnéalach Inniúil, agus sa deireadh rinneadh Oibritheoir Ceannasach Tóirpéad de. I dtús a ghairmréime bhí sé ag seoladh ar an m''Bournemouth Queen'', bád spraoithurais a raibh gunnaí frith-aerárthaí curtha léi le long chogaidh a dhéanamh di. Bhí an bád seo ag tabhairt aire do chóstaí [[Sasana|Shasana]] agus na hAlban. Sa bhliain 1943, fuair sé aistriú go dtí an ''HMS Royalist'', cúrsóir éadrom cogaidh den aicme ''Dido''. Agus é ag seoladh ar an long seo, ghlac sé páirt sa chogaíocht féin, nó bhí an ''Royalist'' ag cur catha amuigh san [[Atlantach]], ag tíonlacan longa iompair go cuanta Artacha an [[APSS|Aontais Shóivéadaigh]] (Murmansk agus Arkhangelsk) nó ag troid longa Gearmánacha ar nós an ''[[Tirpitz]]'' timpeall ar chóstaí na [[An Iorua|hIorua]]. Sa bhliain 1944, bhí sé ag cur cogaidh timpeall na [[An Mheánmhuir|Meánmhara]], ag cuidiú leis an ionradh ar Dheisceart na Fraince nó ag troid in oileáin na Gréige. Is féidir gur goineadh san am seo é, agus é ag cleachtadh aimsitheoireachta. Sa bhliain 1945, bhí sé arís ag tíonlacan longa iompair, sa Chian-Oirthear, nó bhí an cath á chur ar na Seapánaigh ansin go fóill. Ina dhiaidh sin, bhíodh sé ag maíomh gur chimigh na Seapánaigh é agus gur chéas siad é, ach dealraíonn sé nach raibh i gceist leis sin ach rámhaillíocht mheisciúil.
 
I ndiaidh an [[Dara Cogadh FuarDomhanda|chogaidh fuair]] fuair sé scor ó na fórsaí armtha agus chuaigh sé ag déanamh staidéir ar an mBéarla i nGlaschú. Bhain sé amach a chéim ollscoile sa bhliain 1953, agus shocraigh sé síos sa [[An Ruadh-Ghleann (Albain)|Ruadh-Ghleann]] lena chuid a shaothrú ag múineadh scoile.
 
Ansin, áfach, cuireadh cor eile ina chinniúint. Nuair a bhí sé ina mhac léinn, d'éirigh leis scéalta a fhoilsiú ó am go ham agus airgead breise a shaothrú ar an dóigh seo. Sa bhliain 1954 bhuaigh sé comórtas scéalaíochta le scéal farraige faoin teideal ''Dìleas''. D'iarr an comhlacht foilsitheoireachta Collins air úrscéal a scríobh dóibh ansin, agus is é an leabhar a tháinig as a pheann ná ''HMS Ulysses''. Bhí an leabhar bunaithe ar thaithí cogaidh an scríbhneora féin, ach fuair sé cabhair óna dheartháir, a bhí ina Mháistir Mairnéalaigh, is é sin, ina mhairnéalach oilte proifisiúnta. Bhí rath agus ráchairt ar an leabhar, agus shaothraigh sé chomh maith ar an leabhar sin agus go raibh sé in ann éirí as an múinteoireacht agus dul le scríbhneoireacht go lánaimseartha. Ba iad na húrscéalta spiaireachta, na scéinséirí agus na heachtraí cogaidh an dlúth is an t-inneach ina chuid scríbhneoireachta.