An difríocht idir athruithe ar: "Horst Bienek"

Content deleted Content added
Cata.
m róbat ag suimiú: szl:Horst Bienek; cosmetic changes
Líne 2:
[[Scríbhneoir]] [[An Ghearmáin|Gearmánach]] ab ea é '''Horst Bienek''' (rugadh ar an [[7 Bealtaine]] [[1930]] é i nGleiwitz, inniu Gliwice sa [[an Pholainn|Pholainn]], fuair sé bás ar an [[7 Nollaig]] [[1990]] i [[München]]).
 
== A Shaol ==
Chaith Horst Bienek tús a óige i nGleiwitz, ach nuair a tháinig deireadh leis [[An Dara Cogadh Domhanda|an gcogadh]], thit an chathair leis an bPolainn. Ansin, d'fhág an fear óg an áit, agus shocraigh sé síos i [[Beirlín|mBeirlín]]. Ar dtús, bhí sé ag staidéar amharclannaíochta faoi stiúradh [[Bertolt Brecht]], ach ós rud é gur minic a théadh sé ar cuairt chuig cairde i mBeirlín Thiar, nach raibh dealaithe ón Oirthear go fóill san am seo, rug na póilíní rúnda air i ndeireadh na bliana 1951, agus é á ionchúisiú faoi spiaireacht. Ghearr binse míleata na Sóivéadach príosúnacht cúig bliana is fiche dó. Chaith sé ceithre bliana i gcampa géibhinn i Vorkuta, ach ansin, fuair sé pardún agus cead dul ar imirce go hIarthar na Gearmáine. Bhí sé ina chraoltóir don staisiún raidió ''Hessischer Rundfunk'' agus ina eagarthóir ar an iris Blätter & Bilder. Sa bhliain 1966, chuaigh sé ag obair ina eagarthóir liteartha ag an teach foilsitheoireachta Deutscher Taschenbuch Verlag i München, áit ar fhan sé go lá a bháis.
 
Tháinig an t-úrscéal ''Die Zelle'' amach sa bhliain 1968. Cur síos atá ann ar a shaol i mbraighdeanas na [[An tAontas Sóivéadach|Sóivéadach]]. Go ginearálta, scríobh Bienek i dteanga néata gan mórán maoithneachais, agus d'imir imeachtaí agus atmaisféar na Gearmáine sna blianta iarchogaidh an-tionchar ar a chuid scríbhneoireachta. Thosaigh sé mar fhile liriciúil, ach is iad na húrscéalta eipiciúla faoi shaol Gleiwitz a bhreac sé síos sna seachtóidí agus i dtús na n-ochtóidí is mó a thabhaigh clú agus cáil dó, gan trácht a dhéanamh ar na duaiseanna liteartha.
 
== A Shaothar ==
Na húrscéalta faoi Gleiwitz:
* ''Die erste Polka'' ("An Chéad Pholca")
Líne 32:
[[en:Horst Bienek]]
[[pl:Horst Bienek]]
[[szl:Horst Bienek]]