An difríocht idir athruithe ar: "Corca Dhuibhne"

Content deleted Content added
No edit summary
m Naisc
Líne 1:
Corca Dhuibhne a thugtar ar an leithinis díreach laistiar de [[Thrá Lí]] i gContae [[Contae Chiarraí|gContae Chiarraí]]. Is é [[An Daingean]] nó [[Daingean Uí Chúis]] príomhbhaile na leithinse agus ceantar oifigiúil Gaeltachta is ea an chuid den leithinis laistiar do Lios Póil agus den tSráidbhaile.
 
Tá [[Cnoc Bréanainn]], ceann de na cnoic is airde in [[Éire|Éirinn]] in iarthuaisceart na leithinse ina dheighilt nádúrtha idir an dá chuid stairiúla de Chorca Dhuibhne, mar atá, [[Duibhneach]], laistiar agus laisteas den chnoc agus [[Leitriúch]] lastoir de. Amach ó [[Dhún Chaoin]] sa chuid is siar siar atá na [[Blascaodaí]], scata oileán arbh astu do [[Peig Sayers|Pheig Sayers]], [[Thomás Ó Criomhthain]] a scríobh an leabhar cáiliúil [[An tOileánach]], [[Mhuiris Ó Súilleabháin]], údar [[Fiche Bliain ag Fás]] agus roinnt scríbhneoirí eile.