An difríocht idir athruithe ar: "Séamus Ó Grianna"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 9:
==A shaol==
 
Rugadh Séamus Ó Grianna i ReannRann na Feirste (''Rinn'' na Feirste an leagan caighdeánta) sna Rosa sa bhliain 1891. Ina ghearrstócach dó, chaith sé tamall ag sclábhaíocht ar [[an Lagán]] agus in [[Albain]], agus b'ansin a casadh [[náisiúnachas in Éirinn|náisiúnaithe Éireannacha]] air an chéad uair. Léigh sé dialann phríosúin [[Seán Mistéal|Sheáin Mhistéil]], ceann de scríbhinní canónta an náisiúnachais Éireannaigh, agus chuaigh sé féin leis an náisiúnachas. I ndiaidh na tréimhse a chaith sé ina náibhí, d'éirigh leis dintiúirí an mhúinteora bunscoile a bhaint amach. Níor chaith sé ach tamall gairid ina mhúinteoir, ó nach raibh an obair ag teacht leis.
 
Bhí sé páirteach i g[[Cogadh na Saoirse in Éirinn|Cogadh na Saoirse]] agus i g[[Cogadh Cathartha na hÉireann|Cogadh na gCarad]], agus é in aghaidh [[Saorstát Éireann|an tSaorstáit]]. Ní raibh sé ag cur catha go díreach, áfach, nó bhí seisean agus a dheartháir, Seosamh, ag scríobh is ag stáitsiú drámaí beaga bolscaireachta mar chineál ''biblia pauperum'' le muintir na tuaithe a spreagadh chun Poblachtánachais. Tháinig na Saorstátairí ar a lorg go héasca, áfach, agus chaith siad an chuid ab fhearr den chogadh i mbraighdeánas. Tréimhse dhearóil ab ea é an phríosúnacht seo i saol Shéamuis Uí Ghrianna, agus níor chaith sé mórán dúthrachta le cur síos a thabhairt uirthi ina chuid scríbhinní.