An difríocht idir athruithe ar: "Seacht n-eaglaisí na hÁise"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'thumb|right|300px|Léarscáil d'Iarthair'' na [[An Áise Bheag|hÁise Bige'' a léiríonn an t-oileáin Patmas agus suíomhanna na gc...'
(No difference)

Leagan ó 16:07, 21 Samhain 2010

Tugtar Seacht n-eaglaisí an Apacailipsis ar a dtugtar freisin Seacht n-eaglaisí an Taispeána agus Seacht n-eaglaisí na hÁise(a thagraíonn don chúige Rómhánach, ní an Áise go léir), ar na seacht n-eaglaisí móra de chuid na Luath-Chríostaíochta, mar atá luaite in Apacailipsis Eoin sa Tiomna Nua agus scríofa ag Iognáid as Aintíoc. Tá na seacht suíomh go leir sa Tuirc an lá atá inniu ann agus níl pobail Chríostaí suntasach a thuilleadh ar fáil ann ós rud é go raibh orthu scaradh ón áit faoi Chonradh na Lausanne. De réir Apacailipsis Eoin, ar an t-oileán Patmas, an Ghréig, treoirigh Íosa Críost a sheirbhíseach Eoin mar seo a leanas: "Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n-eaglaisí, go hEifeasas, go Smiorna, go Peargamas, go Tiaitíora, go Sairdis, go Filideilfia, agus go Láoidicéa". Is éard is Seacht n-eaglaisí na hÁise , ar a d -Apacailipsis Eoin 1:11 Tagraíonn "Eaglaisí" sa chomhthéacs seo do phobal na Críostaithe atá ina gcónaí i ngach cathair, agus ní amháin don bhfoirgneamh nó na foirgnimh a bhailítí le haghaidh adhartha.

Léarscáil d'Iarthair na hÁise Bige a léiríonn an t-oileáin Patmas agus suíomhanna na gcathracha ina raibh na seacht n-eaglaisí lonnaithe.