An difríocht idir athruithe ar: "Saturnalia"

Content deleted Content added
Scotto (plé | dréachtaí)
leathanach nua á chruthú
(No difference)

Leagan ó 05:52, 22 Samhain 2010

Féile de chuid na Sean-Róimhe ab ea an Saturnalia, a bhíoch á cheiliúradh in ómós Shatairn, dia Rómhánach an fhómhair.

Ceiliúradh

Chuaigh an Saturnalia chun a bheith ar na féilte Rómhánacha gur mó an ghnaoi a bhí ag an bpobal air. Ba iad an phleidhcíocht agus malartú ról sóisialta na tréithe is suntasaí a bhaineadh leis. Bhí sé de nós ag sclábhaithe is máistrí malairt áite a dhéanamh lena chéile, mar dhea, ar an gcuma chéanna go mbíodh "Tiarna Mírialaithe" i gceiliúrthaí Críostaíthe níos déanai.

Tugadh isteach an Saturnalia timpeall 217 R.Ch. chun meanma an phobail d'ardú i ndiaidh díomua catha treascaigh d'fhulaingt ó na Cartagaigh. Féile aon lae a bhí ann ar dtúis, ar 17 Nollaig, ach bhí an oiread sin tóra air gur chuaigh sé i bhfad nó gur ragairne seachtaine a bhí ann, a thagadh chun deiridh ar 23 Nollaig. Theip ar iarrachtaí an comóradh a chiorrú. Dhein an t-Impire Ágastas iarracht é a ghearradh go dtí trí lá, agus Augustus tried to reduce it to three days, agus dhein Caligula iarracht é a ghearradh go dtí cúig lá. Lean círeíb agus éirí amach i measca na Rómhánach na hiarrachtaí seo.

Deintí na gnáth-íobairtí le linn an tSaturnalia. Mar bharr orthu sin, cuirtí tolg (lectisternium) amach os comhair theampall Shatairn, agus scaoiltí na téadacha a bhíodh ceangailte timpeall dhealbh Shatairn le linn an chuid eile don mbliain. Toghtaí "Saturnalicius princeps" mar mháistir deasghnátha dosna himeachtaí. Le cois na ndeasghnáthanna poiblí bhíodh sraith laethanta saoire agus nósanna a leantaí go príobháideach. Ina measc seo bhíodh lá saoire scoile, déantús agus bronnadh féiríní (saturnalia et sigillaricia), agus margadh fé leith (sigillaria). Tugtaí cead do chách, sclábhaithe fiú, dul i mbun cearrbhachais.

Ócáid chóisire, óil, agus spraoi ab ea an Saturnalia. Ní chaití an toga, ach ina ionad éadaí dathúla neamhfhoirmiúla. Mar aon leis sin bhíodh an "pileus" (caipín an iarsclábhaí) á chaitheamh ag cách. Bhíodh sclábhaithe saor ó phionós, agus thugaidís íde bhéil agus easurraim dá máistrí, mar dhea. Cheiliúradh na sclábhaithe cóisir, agus bhí ar a máistrí freastal orthu. Ach ba chur i gcéill an mhalairt áite seo don gcuid is mó---mar shampla, ba iad na sclábhaithe féin fós a d'ullmhaigh béile na cóisire, agus béile a máistir chomh maith. Díolúine theoranta ab ea é.

Ba í gnáth-bheannacht na hócáide ná "Io, Saturnalia!". Is ionann an intriacht sa Laidin "io" agus "Á", mar "Á, (moladh do) Satarn!"

Ceaptar go n-eascraíonn roinnt nósanna a bhaineann inniu leis an Nollaig as an Saturnalia.