An difríocht idir athruithe ar: "Na hAlcólaigh gan Ainm"

Content deleted Content added
No edit summary
m róbat ag mionathrú: tr:Adsız Alkolikler; cosmetic changes
Líne 1:
Is éard atá i gceist leis na h'''Alcólaigh gan Ainm''' nó ''Alcoholics Anonymous'' ná gluaiseacht idirnáisiúnta féinchabhrach dóibh siúd atá tugtha don alcól atá dírithe ar an lánstaonadh ón mbiotáille mar aidhm, is é sin, an duine a théann ar lorg cabhrach ón eagraíocht caithfidh sé éirí as ar dtús, agus na baill atá ag staonadh, is é cuspóir na gluaiseachta nach mblaisfidh siad den [[alcól]] a thuilleadh. Ba iad William Griffith Wilson (ar a dtugtar "Bill W." i litríocht na gluaiseachta) agus an dochtúir Robert Holbrook Smith ("Dr. Bob") a bhunaigh an ghluaiseacht in [[Akron]], [[Ohio]], sa bhliain 1935. In éineacht le luathbhaill eile na gluaiseachta, d'fhorbair Bill agus Bob clár oibre na nAlcólach gan Ainm agus é dírithe ar fhorbairt spioradálta agus intleachtach an charachtair, an Dá Chéim Déag. Is iad an Dá Thraidisiún Déag na moltaí atá ag na hAlcólaigh gan Ainm dá gcuid grúpaí féinchabhrach, moltaí a chuireann béim ar leith air nár chóir aon duine a lua ina ainm (ar eagla go dtarraingeofaí náire phoiblí air) agus nár chóir aon duine i gcruachás a chur ó dhoras. Cuid de na traidisiúin é freisin go seachnaíonn na hAlcólaigh gan Ainm gach dlúthbhaint le dogma, le [[polaitíocht]] agus le modh céimiúil eagraíochta. Bunaíodh gluaiseachtaí eile in aithris ar na hAlcólaigh gan Ainm le cineálacha eile andúile a throid, go háirithe na hAndúiligh Drugaí gan Ainm, nó ''Narcotics Anonymous''.<ref>{{cite journal |title=Twelve-Step and Mutual-Help Programs for Addictive Disorders|journal=Psychiatric Clinics of North America|volume=22 |issue=2 |page=425 |year=1999 |doi=10.1016/S0193-953X(05)70085-X |pmid=10385942 |last1=Chappel |first1=JN |last2=Dupont |first2=RL}}</ref> Ghlac na gluaiseachtaí seo le prionsabail na nAlcólach gan Ainm ina gcuid oibre féin.
 
Ar dtús, ní raibh ach [[Protastúnachas|Protastúnaigh]] páirteach sa ghluaiseacht, nó ní dheachaigh an chéad [[Caitliceachas|Chaitliceach]] san AA roimh an mbliain 1939.<ref>{{cite book | title=Not God: A History of Alcoholics Anonymous, Trade paperback | author= Kurtz, Ernest |year=1991 |publisher=Hazelden Publishing & Educational Services ISBN 08948606580-89486-065-8 }}</ref> Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh na hAA ar fud an domhain, agus glacadh leis an mbunsmaoineamh ina lán tíortha agus cultúr eile, fiú go tíortha ina bhfuil na húdaráis drochamhrasach i leith eagraíochtaí a bhunaíonn na saoránaigh as a stuaim féin.
 
Is é dearcadh na gluaiseachta ná nach bhfuil sí ag iarraidh aon tuiscint ar leith ar an andúil alcóil a chur chun cinn thar theoiricí eile: is é tasc na [[Dochtúir leighis|ndochtúirí]] agus na [[síciatraí|síciatraithe]] é, agus níl sé faoi eagraíocht gluaiseachta féinchabhrach cosúil leis na hAA. Mar sin féin, glactar leis gurbh iad na hAlcólaigh gan Ainm a theagasc don tsaol mhór gur galar é an t-alcólachas - cé go raibh Bill W. fein in aghaidh na tuisceana seo. Is é dearcadh Cumann Síciatraithe na Stát Aontaithe, mar shampla, gur chóir don druncaeir dul faoi chóir leighis san am chéanna agus atá sé ag freastal ar ghrúpa féinchabhrach de chuid na nAlcólach gan Ainm, go háirithe más [[alcólachas]] ainsealach faidréiseach atá i gceist. Admhaíonn na hAlcólaigh gan Ainm féin go n-éiríonn 64 % de bhaill na ngrúpaí féinchabhrach as i rith an chéad bhliain, ach mar sin féin, glactar leis go bhfuil a lán daoine in ann staonadh ón alcól agus iad i dtuilleamaí chlár oibre na nAlcólach gan Ainm.
 
== Stair ==
 
Tá fréamhacha na gluaiseachta i nGrúpa Oxford, gluaiseacht [[Críostaíocht|Chríostaí]] a bhí gníomhach sna fichidí agus sna tríochaidí, agus a bhí ag iarraidh scoiltí agus siosmaí an tsaoil Chríostaí a tharchéimniu trí aithris a dhéanamh ar shaol na gCríostaithe sa tréimhse go gairid i ndiaidh bhás [[Íosa]]. Níorbh é an t-ólstaonadh príomhaidhm Ghrúpa Oxford, ach fuair cara le Bill W., Edwin Throckmorton Thacher ("Ebby"), amach go raibh riailbhéas an Ghrúpa ag cuidiú leis fanacht glan ón ólachán. D'áitigh sé ar Bill go mbeadh sé in ann éirí as an ól le cuidiú Dé, dá ndéanfadh sé neamhshuim de na hachrainn diagachta agus dá ndíreodh sé ar Dhia mar a shamhlaítear dó féin É.
 
=== In Éirinn ===
 
In [[Éire|Éirinn]], bhí na dochtúirí drochamhrasach i leith mhodh oibre na nAlcólach gan Ainm chomh déanach leis na [[1950í|caogaidí]]. Is é an dearcadh a bhí acu gur chóir an t-othar a choinneáil i dteach téarnaimh ar feadh tréimhse réasúnta fada, leathbhliain cuir i gcás, agus bheith ag súil leis go mbeadh sé tar éis a bhlas ar an mbiotáille a chailleadh idir an dá linn. Sa bhliain 1943, chuaigh Éireannach darbh ainm Conor F. sna hAlcólaigh gan Ainm in [[Philadelphia]], agus níos déanaí, bhunaigh sé an chéad ghrúpa féinchabhrach de chuid na gluaiseachta i m[[Baile Átha Cliath]]. Duine eile a chabhraigh leis an ngluaiseacht a leathadh go hÉirinn ab ea an Bráthair Tomás Ó Duinnshléibhe, eaglaiseach Éireannach i [[Sydney]]. Bunaíodh an chéad ghrúpa san [[An Astráil|Astráil]] sa bhliain 1943, agus tharraing sé súil an Bhráthar ar cheist na druncaeireachta agus ar a bhféadfadh na halcólaigh féin a dhéanamh le teacht slán as a gcruachás. Chuaigh borradh na gluaiseachta agus rath a hoibre go mór mór i bhfeidhm ar an mBráthair. Bhí an Bráthair féin sáite in obair scoile ceartúcháin do bhuachaillí óga, agus suim aige i bhfadhbanna sóisialta ginearálta dá réir sin, cosúil le ceist an alcólachais. Nuair a thug sé cuairt ar Éirinn sa bhliain 1946, chuir an ''Evening Mail'' agallamh air faoin obair shóisialta a bhí idir lámhaibh aige i Sydney, agus san agallamh seo, thug sé cur síos ar ghluaiseacht na nAlcólach gan Ainm de réir a thuisceana féin. San am chéanna, bhí Conor F. ar saoire in Éirinn, agus é buíoch beannachtach gur chabhraigh an ghluaiseacht leis trí bliana a chaitheamh gan braon a bhlaiseadh. Chinn sé ar ghrúpa de chuid na nAlcólach gan Ainm a bhunú i mBaile Átha Cliath sula bhfillfeadh sé go [[Meiriceá]]. Mar seo a chuir sé bun leis an ngluaiseacht in Éirinn.<ref>[http://www.alcoholicsanonymous.ie/opencontent/default.asp?itemId=12&Section=About%20Us Alcoholicsanonymous.ie - About]</ref>
 
== Céimeanna agus traidisiúin ==
=== Dhá Chéim Déag na nAlcólach gan Ainm ===
 
* Caithfidh tú a admháil nach bhfuil tú in ann srianta a choinneáil leat agus go bhfuil an saol ag dul ó smacht ort, toisc go bhfuil tú ag ól barraíocht biotáille.
Líne 38:
* Má éiríonn leat múscailt spioradálta a fháil ar an dóigh seo, caithfidh tú an teachtaireacht a scaipeadh i measc na n-alcolach agus na prionsabail seo a chleachtadh ina bhfuil idir lámhaibh agat.
 
=== Dhá Thraidisiún Déag na nAlcólach gan Ainm ===
 
* Tá leas na nAlcólach gan Ainm níos tábhachtaí ná a dhath eile, nó ní féidir le haon duine aonair é féin a tharrtháil má tá an eagraíocht á réabadh as a chéile.
Líne 66:
{{commonscat|Alcoholics Anonymous|Alcólaigh gan Ainm}}
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
[[Catagóir:alcólachasAlcólachas]]
[[Catagóir:-úsáid alcóil]]
 
[[bg:Анонимни алкохолици]]
Líne 77:
[[de:Anonyme Alkoholiker]]
[[en:Alcoholics Anonymous]]
[[et:Anonüümsed Alkohoolikud]]
[[es:Alcohólicos Anónimos]]
[[eo:Alkoholuloj Anonimaj]]
[[es:Alcohólicos Anónimos]]
[[et:Anonüümsed Alkohoolikud]]
[[fa:الکلی‌های گمنام]]
[[fi:AA-liike]]
[[fr:Alcooliques anonymes]]
[[gl:Alcólicos Anónimos]]
[[he:אלכוהוליסטים אנונימיים]]
[[ko:익명의 알코올중독자들]]
[[hr:Anonimni Alkoholičari]]
[[hu:Anonim Alkoholisták]]
[[id:Alcoholics Anonymous]]
[[iu:ᐃᒥᐊᓗᒃᑕᐃᓕᒪᓂᕐᒧᑦ ᐃᑲᔪᖃᑎᒌᒡᕕᒃ/imialuktailimanirmut ikajuqatigiigvik]]
[[is:AA-samtökin]]
[[it:Alcolisti Anonimi]]
[[iu:ᐃᒥᐊᓗᒃᑕᐃᓕᒪᓂᕐᒧᑦ ᐃᑲᔪᖃᑎᒌᒡᕕᒃ/imialuktailimanirmut ikajuqatigiigvik]]
[[he:אלכוהוליסטים אנונימיים]]
[[ja:アルコホーリクス・アノニマス]]
[[ko:익명의 알코올중독자들]]
[[lt:Anoniminiai alkoholikai]]
[[hu:Anonim Alkoholisták]]
[[ml:ആൽക്കഹോളിക്സ് അനോണിമസ്]]
[[nl:Anonieme Alcoholisten]]
[[ja:アルコホーリクス・アノニマス]]
[[no:Anonyme alkoholikere]]
[[pl:Anonimowi Alkoholicy]]
[[pt:Alcoólicos Anónimos]]
[[ru:Анонимные алкоголики]]
[[szl:Anůńimowe Alkoholiki]]
[[sr:Анонимни алкохоличари]]
[[sh:Anonimni Alkoholičari]]
[[sr:Анонимни алкохоличари]]
[[fi:AA-liike]]
[[sv:Anonyma Alkoholister]]
[[szl:Anůńimowe Alkoholiki]]
[[tr:AnonimAdsız Alkolikler]]
[[uk:Спільнота анонімних алкоголіків]]
[[zh:戒酒無名會]]