[[File:IPad-02.jpg|thumb|An ríomhaire táibléid 'Apple [[iPad]]'.]]Is eard is '''ríomhaire táibléid''', nó go simplí "'''táibléad'''", ann ná [[ríomhaire]] atá go hiomlán i scáileán tadhaill a úsáideann stíleas, peann digiteach, nó barr méire mar phríomh-ghléas ionchurtha in ionad [[méarchlár|méarchláir]] nó [[luchóg|luiche]] a d'fhéadfadh nó nach bhféadfadh a bheith san áireamh leis . Tagann an t-ainm ó tháibléid scríbhneoireachta mar go bhfuil cosúlachtí eatarthu, agus bíonn an comhéadan úsáideora níos nádúrthaí nuair a bhíonn an scáileán tadhaill comhtháthaithe leis an scáileán taispeánata, mar atá sé i gcás an táibléid.