An difríocht idir athruithe ar: "Comhdháil Vín"
Content deleted Content added
No edit summary |
Eomurchadha (plé | dréachtaí) Tá an t-alt rud beag deacair le léamh gan cúpla fótheideal. |
||
Líne 2:
Is éard a bhí i gceist le '''Comhdháil Vín''' ná cruinniú idirnáisiúnta a tháinig le chéile i [[Vín]], príomhchathair na [[An Ostair|hOstaire]], i Mí na Samhna [[1814]] agus a scoir i Mí an Mheithimh [[1815]]. Ba é an Prionsa [[Klemens Wenzel von Metternich]], an státaire Ostarach, a d'eisigh an ghairm chruinnithe agus a bhí ina chathaoirleach. Bhí sé de chuspóir ag an gcomhdháil ná cuma cheart a chur ar an Eoraip i ndiaidh [[réabhlóid na Fraince]] agus chogaí [[Napoleon]], go háirithe ó tháinig deireadh le hImpireacht Naofa Rómhánach an Náisiúin Ghearmánaigh. De thoradh na Comhdhála, d'athraigh na teorainneacha ina lán áiteanna ar fud na [[Eoraip|hEorpa]].
* Klemens Wenzel von Metternich, Aire Gnóthaí Eachtracha na hOstaire, agus a fhear cúnta, an Barún Johann von Wessenberg, thar cionn na hOstaire;
Líne 14:
* Agus maidir leis an "gcúigiú mórchumhacht", an Phrúis, bhí an Seansailéir Karl August von Hardenberg agus an scoláire clúiteach [[Wilhelm von Humboldt]] i láthair, chomh maith le rí a dtíre, Feardorcha Uilliam (Friedrich Wilhelm) a Trí.
* Fuair an Rúis an chuid ba mhó de Dhiúcacht Vársá (an stát soip a bhunaigh Napoleon do na Polannaigh). Sa bhliain 1809, shealbhaigh an Rúis [[an Fhionlainn]] ón t[[An tSualainn|Sualainn]], agus cheadaigh an Chomhdháil don Impire Alastar an gabháltas seo a choinneáil.
|