An difríocht idir athruithe ar: "An Tocáiris"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Tocharian.JPG|thumb|Tocáiris B, téacs atá i dtaisce in Iarsmalann Náisiúnta na Seapáine. Tá an aibítir seo bunaithe ar an scríbhneoireacht Bhrámach, cosúil lena lán córas scríbhneoireachta san India.]]
[[Teangacha Ind-Eorpacha|Teanga Ind-Eorpach]] í an '''Tocáiris''', nó, le bheith beacht, dhá [[Teanga (cumarsáid)|theanga]] a bhfuil gaol dlúth acu le chéile agus a bhíodh á labhairt i lár na hÁise, in Imchuach Tarin, áit a bhfuil réigiún féinrialaitheach Xinjiang in Iarthar na [[An tSín|Síne]] inniu. Ba é [[Marc Aurel Stein]], taiscéalaí [[An Ungáir|Ungárach]] a bhain amach saoránacht na [[Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]], an chéad duine a tháinig trasna ar iarsmaí na Tocáirise, agus é ag déanamh taistil i bhFásach Taklamakan i dtús na [[20ú haois|fichiú haoise]].