An difríocht idir athruithe ar: "An tSicil"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: yi:סיציליע
Líne 63:
Tháinig Peadar a Trí, Rí na hAragóine, chun tarrthála do na ceannairceoirí ansin, agus shealbhaigh sé an t-oileán dá ríocht féin. Ba mar sin a thit an tSicil leis an Aragóin, agus nuair a chuaigh an tír sin sa Spáinn i ndeireadh na cúigiú haoise déag, rinneadh cúige Spáinneach den oileán freisin.
 
=== [[Ríocht an Dá Shicil]] ===
 
San ochtú haois déag, thit an tSicil le Diúc Savoy ar dtús, agus ansin le rítheaghlach Hapsburg, is é sin, ríthe agus impirí na hOstaire. Ansin, áfach, rinne réabhlóid na Fraince agus cogaí Napoleon spior spear de mhapa na hEorpa. Nuair a tháinig maithe agus móruaisle na hilchríche le chéile i gComhdháil Vín sa bhliain 1815, rinne siad an-athroinnt ar na tailte, an tSicil ina measc. Is mar sin a bunaíodh Ríocht an Dá Shicil, sa bhliain 1816.