An difríocht idir athruithe ar: "Rothar"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 4:
An déanamh atá ar an rothar inniu (an dá roth ar aon mhéid le chéile chomh maith leis an slabhra tiomána) tháinig sé chun saoil sa bhliain 1895, ach bhí rothair den chineál eile ann roimhe sin féin. Chuaigh an rothar slabhrathiomáinte ar fud an domhain ó shin, agus inniu, tá an rothar dhá oiread chomh coitianta leis an ngluaisteán. Is é an rothar an príomh-mheán iompair ina lán réigiún ar an domhan, toisc go bhfuil sé saor i gcomparáid leis an ngluaisteán (mar shampla), agus is féidir leis an rothaí taisteal a dhéanamh beag beann ar na bóithre, má tá an tír-raon oiriúnach don rothaíocht.
 
Caitheamh aimsire agus cleachtas aclaíochta atá sa rothaíocht freisin. Cuireann an rothar ar chumas an chathróra aghaidh a thabhairt ar an tuath ar lorg aeir ghlain, agus san am chéanna, coinníonn an rothaíocht féin na matáin, an croí agus na scamhóga ag obair go maith. Baineann póilíní, teachtairí agus daoine eile leas as an rothar ina gcuid oibre, agus is spórt comórtais í an rothaíocht freisin. Is dócha gurb é an ''Tour de France'' - an turas timpeall na Fraince - an comórtas rothaíochta is clúití ar domhan, agus chuala an saol iomrá ar laochra móra an chomórtais seo, cosúil le Lance Armstrong agus Eddy Merckx.
 
{{glanadh}}