An difríocht idir athruithe ar: "Rothar"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Reiserad-beladen.jpg|thumb| ]]
Is éard atá i gceist leis an '''rothar''', leis an n'''gearrán iarainn''' (úsáidtear leaganacha truaillithe den fhocal Béarla ''bicycle'' go coitianta i gcaint na Gaeltachta, cosúil le ''badhsacail'' agus ''badhsalaic''; focal oifigiúil é ''badhsacal'' i nGaeilge na hAlban) ná cóir thaistil an-áisiúil a bhfuil dhá roth fúithi agus iad á gcasadh ag matáin an duine atá a stiúradh an rothair, nó an '''rothaí'''. Tá an dá roth ceangailte d'fhráma an rothair, agus an rothaí ina shuí in airde ar an bhfráma.
 
An déanamh atá ar an rothar inniu (an dá roth ar aon mhéid le chéile chomh maith leis an slabhra tiomána) tháinig sé chun saoil sa bhliain 1895, ach bhí rothair den chineál eile ann roimhe sin féin. Chuaigh an rothar slabhrathiomáinte ar fud an domhain ó shin, agus inniu, tá an rothar dhá oiread chomh coitianta leis an ngluaisteán. Is é an rothar an príomh-mheán iompair ina lán réigiún ar an domhan, toisc go bhfuil sé saor i gcomparáid leis an ngluaisteán (mar shampla), agus is féidir leis an rothaí taisteal a dhéanamh beag beann ar na bóithre, má tá an tír-raon oiriúnach don rothaíocht.