An difríocht idir athruithe ar: "Alistair MacLean"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 30:
Bhí MacLean ag saothrú go rímhaith ar a chuid leabhar, agus le fírinne bhí an t-airgead ag tonnadh isteach chomh flúirseach is go bhfuair sé riachtanach aistriú go dtí an Eilvéis le teacht slán ó chánachas na Ríochta Aontaithe. Sna blianta 1963-1966, arís, bhí sé ag dul le hóstóireacht mar shlí bheatha, agus é ag staonadh ón scríbhneoireacht ag an am.
 
I rith na mblianta, thosaigh a chuid scríbhneoireachta ag dul chun donais. Rinne sé iarrachtaí cuma níos nua-aimseartha a chur ar na scéalta, ach ansin, chuaigh na plotaí chun éadóchúlachta. Bhí sé róthugtha don bhiotáille freisin, agus ba é an t-alcólachas a mharaigh sa deireadh é. Fuair sé bás i München sa Ghearmáin sa bhliain 1987, agus cuireadh in aice leis an aisteoir Richard Burton é i reilig Cevigny, [[an Eilvéis]].
 
Pósadh faoi dhó é, agus saolaíodh beirt mhac dó leis an gcéad bhean chéile. Thairis sin, d'uchtaigh siad buachaill amháin.