An difríocht idir athruithe ar: "Paragua"

Content deleted Content added
Líne 115:
 
Sna hochtóidí, tháinig meath ar an Aontas Sóivéadach agus ar an mbagairt Chumannach a bhí mar shiocair ag Stroessner leis an éigeandáil a choinneáil i bhfeidhm. Mar sin, tháinig fórsaí an fhreasúra le chéile, agus páirtí na g''Colorados'' féin ag dul chun cearmansaíochta ar an deachtóir. Ní raibh an rialtas in ann ach an freasúra a ionsaí agus a smachtú le lámh láidir, cleas nach raibh ag obair go rómhaith a thuilleadh. I Mí Feabhra, 1987, d'ionsaigh na póilíní cruinniú freasúra le deoirghás gan aird a thabhairt air go raibh ambasadóir na Stát Aontaithe i láthair. Tharraing an t-eachtra seo na seantithe anuas ar Stroessner, nó d'iompaigh rialtas na Stát Aontaithe ina choinne, agus bagraíodh baghcat ar an tír.
 
===Filleadh an Daonlathais===
 
I ndiaidh an toghcháin dheireanaigh inar vótáladh Stroessner isteach, chinn na fórsaí armtha agus na ''Colorados'' an deachtóir a chur as oifig faoi dheoidh. Ar an tríú lá de Mhí Feabhra, 1989, chuir an Ginearál Andrés Rodríguez deireadh le tréimhse Stroessner le lámh láidir. Dhíbir sé an deachtóir go dtí an Bhrasaíl, agus chóirigh sé toghcháin nua Uachtaránachta faoi dheifir.
 
Ní raibh fórsaí an fhreasúra in ann aon iarrthóir amháin a chur chun tosaigh, agus b'é Rodríguez a ghnóthaigh an báire. Má ghnóthaigh, áfach, níor chuir sé deachtóireacht nua ar bun. Tháinig deireadh lena ré sa bhliain 1993, d'éirigh sé as mar ba chóir, agus d'fhág sé oifig an Uachtaráin go múinte béasach ag Juan Carlos Wasmosy a bhuaigh an chéad toghchán eile. Ón lá sin i leith, is féidir a rá go bhfuil an daonlathas ag oibriú i bParagua, cé go raibh géarchéimeanna ann ina dhiaidh sin féin, go háirithe sa bhliain 1996 agus i rith na mblianta 1998-1999.
 
Sa bhliain 1996, rinne an Ginearál Lino Oviedo iarracht an chumhacht a shealbhú le lámh láidir. Theip air tacaíocht na bhfórsaí armtha a fháil, áfach, agus sa deireadh, caitheadh i dtóin an phríosúin é. Bhí Oviedo ceaptha roimhe sin mar iarrthóir do na ''Colorados'' le haghaidh thoghchán Uachtaránachta na bliana 1998, ach anois, b'é a sheanchara Raúl Cubas Grau a tháinig ina áit. Vótáladh isteach é freisin, agus ina Uachtarán dó, scaoil sé Oviedo saor ón bpríosún. Ansin, áfach, d'fhógair an Ard-Chúirt nach raibh de chead aige a leithéid a dhéanamh, de réir an bhunreachta, agus d'éiligh ar an Rialtas Oviedo a chimiú arís. Dhiúltaigh Cubas an t-ordú seo a chomhlíonadh, agus ansin, dúnmharaíodh Luis María Argana, tánaiste an Uachtaráin, a bhí ag cur in aghaidh Oviedo. Chreid an chuid ba mhó de na Paraguaigh gurbh iad Cubas agus Oviedo a chóirigh an dúnmharú, agus chuir an phairlimint an dlí ar an Uachtarán. Nuair a bhí an chuma ag teacht ar an scéal go d[[Táinseamh|táinseofaí]] é, d'éirigh Cubas as an Uachtaránacht as a stuaim féin i ndeireadh Mhí na Márta 1999 agus chuaigh ar deoraíocht go dtí an Bhrasaíl. Go dtí an Airgintín a d'éalaigh a chara, Oviedo. Ceapadh Ceann Comhairle an tSeanaid Luis González Macchi ina Uachtarán, agus le cuidiú comhrialtas nua, bhí sé in ann an tír a thabhairt chun suaimhnis arís.
 
[[catagóir:Tíortha|Paragua]]