An difríocht idir athruithe ar: "Mikhail Lermontov"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 16:
Níor fhan Mikhail óg i bhfad i mbun staidéir ach an oiread. D'fhreastlaíodh sé go dílis ar na léachtanna, ach ní thugadh sé aird ar na hollúna - bhíodh sé ag léamh leabhar le linn an léachta. Ní raibh sé páirteach i saol caidreamhach na mac léinn ach an oiread. D'éirigh sé as i ndiaidh dhá bhliain a chaitheamh in ainm a bheith ag foghlaim léinn.
 
D'éirigh ní b'fhearr leis isa scoil na n-oifigeachmhíleata, agus bhain sé amach coimisiún oifigigh sa deireadh. San am chéanna bhí sé ag scríbhneoireacht go dúthrachtach freisin. Nuair a fuair Aleksandr Pushkin, file mór na linne, bás i gcomhrac aonair sa bhliain 1837, scríobh Lermontov dán fíochmhar faoi chinniúint an cheannródaí filíochta, ag milleánú an Impire agus lucht a chúirte faoi bhás Pushkin. Bhí an tImpire an-mhíshásta leis an dán, agus thug sé ar an bhfile aghaidh a thabhairt ar Chugas agus cogadh a chur ar na bundúchasaigh ansin. Bhí Lermontov breá sásta leis an díbirt seo, áfach, chomh doirte is a bhí sé do Chugas ó bhí sé ina bhrín óg.
 
Ceadaíodh dó filleadh ón díbirt leis na blianta 1838-39 a chaitheamh i Moscó agus i gCathair Pheadair, ach níor thaitin caidreamh éadrom na maithe is na móruasal leis. Thit sé i ngrá le bean uasal darbh ainm Varvara Lopukhina, ach níor fhreagair sise a chuid mothúchán. Sa deireadh, bhí comhrac aonair aige le mac an ambasadóra Fhrancaigh, agus gearradh tréimhse nua deoraíochta dó. Mar sin, chuaigh sé ar ais go Cugas, agus ghlac sé páirt sa chogaíocht ansin arís.